Féile Scoildrámaíochta

07 Márta 2018

Tá ardmholadh tuillte ag páistí R3B as an dráma ‘Le Solas Mo Chroí’ a léiriú ag Féile Scoildramaíochta Bhaile Átha Cliath ar an 7ú Márta.

Thosaigh an Múinteoir Rónán Mac Niallais agus na páistí ina rang ag obair ar an dráma nuair a d’fhill siad ar an scoil tar éis saoire na Nollag agus tá obair na gcapall déanta acu ó shin i leith. Bhí scoth na haisteoireachta, na hurlabhraíochta agus na Gaeilge ar taispeáint le linn an léiriú ar fad.

Is scéal é faoin draíocht a bhaineann leis an bhfoghlaim agus an chaoi gur féidir le duine ionspráideach corr a chur sa bhóthar agus muid ag fás aníos.

B’fhéidir go dtógfaidh cúpla duine ionspráid ón dráma seo agus go bhfeicfidh muid iad ag na Oscars am éigin amach anseo! Buíochas le Manus Ó Duibhir as Gaoth Dobhair as an script a chur ar fáil dúinn.

CUARDACH



ROGHA TEANGA