Córfhéile

Márta 2018

Tá cultúr ceoil breá láidir i nGaelscoil Thaobh na Coille le scaitheamh maith de bhlianta anuas agus ní haon eisceacht é grúpa ceoil na bliana seo.

Ar an gCéadaoin, 7ú Márta, sheinn 68 ceoltóir, idir   bhuachaillí agus chailíní ó R4 go R6, ar stáitse san Ionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht don fhéile ceoil do bhunscoileanna, Córfhéile.

Sheinn an grúpa ceoil ceithre fhonn traidisiúnta i bhfoirm chóirithe le réimse leathan uirlisí, sin iad: an fheadóg stáin, an fheadóg mhór, na píobaí uilleann, an fhidil, an chruit, an bosca ceoil agus an consairtín. Sheinneadar le binneas, aibíocht agus le spiorad agus táimid an-bhródúil go deo as an díogras ‘is an dua atá le feiceáil  go smior sna ceoltóirí óga seo. Mo cheol iad uilig!

Buíochas leis na múinteoirí ar fad a oibríonn leis an mBanna Ceoil scoile agus buíochas speisialta leis an Múinteoir Oisín Mac Muiris a rinne cóiriú ar na foinn don chur i lathair ag Córfhéile i mbliana.


CUARDACH



ROGHA TEANGA