Bhí an-seachtain ceoil againn sa scoil an tseachtain seo thart. Ar an gCéadaoin thug 4 ceoltóir ón mBanna Ceoil Kíla cuairt ar an scoil. B’iad siúd Colm, Rossa, Eoin & Brian.
Thugadar cuairt ag na ranganna ar fad ag seinnt ceoil, ag bualadh amach rithimeacha & ag insint scéalta greannmhara do na páistí!
Bhain na páistí ar fad an-taithneamh go deo as an gcuairt. I rang a 3 thaispeáin Síofa, Abbie agus Aimee cúpla céim dóibh, rinne na rinceoirí seite an seit a rince agus thaispeáin Sean Ó Maoltuile gur féidir rince ‘Kangam Style’ a dhéanamh le ceol ghaelach!
Sheinn an Múinteoir Chambers agus Tiarnán Ó Conaill in éineacht leo i Rang a 6 agus iad beirt chomh maith le ceoltóirí Kila! Tá Kíla ag ceiliúradh 25 bliain ó tháinig siad le chéile mar bhanna ceoil i 1987. Tá 15 albam eisithe acu agus ceolchoirmeacha tugtha acu i 33 tír thart timpeall an domhan.
6 Márta 2013