Feabhra 2018
Ar an 22ú Feabhra, bhí an t-ádh ar pháistí Rang a 3 go dtí Rang a 6 mar gur tháinig Zoe Conway agus John Mc Intyre ar cuairt chugainn agus sheinn siad ceolchoirm a bhí thar cionn ar fad. Is beirt cheoltóirí iomráiteacha iad Zoe agus John a bhíonn ag plé leis an gceol go proifisiúnta agus tá siad chomh heolach agus chomh cumasach céanna i mórán réimsí ceoil.
Seineann Zoe an fhidil agus seineann John an giotar agus bhí rian beag amhránaíochta uathu freisin. Bheadh aithne ag an domhan ceoil ar Zoe trína cuid oibre leis an léiriú cáiliúil rince Gaelach, ‘Riverdance’ agus tá John mar bhall den bhanna ceoil clúiteach ‘The Revs’.
Fuaireamar blaiseadh de cheol traidisiúnta na hÉireann, den snagcheol, den cheol clasaiceach agus de cheol fidile as Meiriceá.. Bheadh aithne ag an domhan ceoil ar Zoe trína cuid oibre leis an léiriú cáiliúil rince, ‘Riverdance’ agus tá John mar bhall den bhanna ceoil ‘The Revs’.
D’fháiltigh siad roimh cheisteanna spéisiúla na bpáistí freisin, rud a chinntigh gur fhág Zoe agus John rian a ndíograis agus a ndíochais ar pháistí Ghaelscoil Thaobh na Coille. B’íontach an phribhléid dúinn i nGaelscoil Thaobh na Coille ceoltóirí chomh h-iomráite le Zoe agus John a bheith ag seinnt dúinn sa scoil ach an deis a bheith ag baill an bhanna ceoil seinnt in éineacht leo.