Comórtas Claisceadail

17 Aibreán 2018

Eagraíodh comórtas Caisceadail na Céime i nGaelscoil Thaobh na Coille don dara bhliain as a chéile ar an Mháirt an 17 Aibreán. Comórtas Claisceadail é seo atá dírithe ar dhaltaí rang a 4.  Cór ranganna agus ní cór scoile a ghlacann páirt  sa chomórtas.   Canann gach cór dhá amhrán traidisiúnta Gaeilge, ceann amháin mall agus ceann amháin tapaidh. Amhránaíocht gan tionlacan atá i gceist, amhrán amháin aonghuthach agus an dara amhrán aonghuthach nó i ndá pháirt.

Ghlac 6 rang ó ceithre scoil  logánta páirt i gComórtas Claisceadail na Céime i mbliana.  Rang ó Scoil Mhuire, Ath an Ghainimh & Bunscoil Eaglais na hÉireann, Cill Tiarnáin agus 2 rang ó Scoil Mhuire Cois Bóthair, Cill Tiarnáin & Gaelscoil Thaobh na Coille. Bhí an-chomórtas go deo ann agus amhránaíocht bhinn, bhríomhar le cloisteáil ó na grúpaí ar fad.

 01  Rang a 4 Scoil Mhuire Cois Bóthair, Cill Tiarnáin lena Múinteoir Emma Dunne

Chan siad : Mise Éire & Óró Sé do Bheatha Abhaile

02 : Rang a 4 Bunscoil Eaglais na hÉireann, Cill Tiarnáin lena múinteoir Ethan Byrne

Chan siad : Beidh Aonach Amárach & Báidín Fheidhlimí

03 : Rang a 4B Gaelscoil Thaobh na Coille lena múinteoir Clíodhna Ní Leocháin

Chan siad : Óró Sé do Bheatha Abhaile & Trasna na dTonnta

04 : Rang a 4 Scoil Mhuire Cois Bóthair, Cill Tiarnáin lena múinteoir Sophia Klein

Chan siad : Báidín Fheidhlimí & Beidh Aonach Amárach

05: Rang a 4A Gaelscoil Thaobh na Coille, an Chéim lena múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh

Chan siad : Tá na Báid & Téir Abhaile Riú

06: Rang 4 ó Scoil Mhuire, Áth an Ghainimh lena múinteoir Áine O’Connell

Chan siad: Mo Ghile Mear & An bhfaca Tú mo Shéamaisín?

Bhí cinneadh an-deacair go deo le déanamh ag moltóir an chomórtais Maedhbh Uí Chiagáin ach ar deireadh chinn sí ar Chorn Claisceadail na Céime 2018 a bhronnadh ar rang 4 Scoil Mhuire Cois Bóthair faoi stiúir an Múinteoir Emma Dunne. Comhghairdeas mór leo.

CUARDACH



ROGHA TEANGA