Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Comórtas ClaisceadailClaisceadal Competition

17 Aibreán 2018

Eagraíodh comórtas Caisceadail na Céime i nGaelscoil Thaobh na Coille don dara bhliain as a chéile ar an Mháirt an 17 Aibreán. Comórtas Claisceadail é seo atá dírithe ar dhaltaí rang a 4.  Cór ranganna agus ní cór scoile a ghlacann páirt  sa chomórtas.   Canann gach cór dhá amhrán traidisiúnta Gaeilge, ceann amháin mall agus ceann amháin tapaidh. Amhránaíocht gan tionlacan atá i gceist, amhrán amháin aonghuthach agus an dara amhrán aonghuthach nó i ndá pháirt.

Ghlac 6 rang ó ceithre scoil  logánta páirt i gComórtas Claisceadail na Céime i mbliana.  Rang ó Scoil Mhuire, Ath an Ghainimh & Bunscoil Eaglais na hÉireann, Cill Tiarnáin agus 2 rang ó Scoil Mhuire Cois Bóthair, Cill Tiarnáin & Gaelscoil Thaobh na Coille. Bhí an-chomórtas go deo ann agus amhránaíocht bhinn, bhríomhar le cloisteáil ó na grúpaí ar fad.

 01  Rang a 4 Scoil Mhuire Cois Bóthair, Cill Tiarnáin lena Múinteoir Emma Dunne

Chan siad : Mise Éire & Óró Sé do Bheatha Abhaile

02 : Rang a 4 Bunscoil Eaglais na hÉireann, Cill Tiarnáin lena múinteoir Ethan Byrne

Chan siad : Beidh Aonach Amárach & Báidín Fheidhlimí

03 : Rang a 4B Gaelscoil Thaobh na Coille lena múinteoir Clíodhna Ní Leocháin

Chan siad : Óró Sé do Bheatha Abhaile & Trasna na dTonnta

04 : Rang a 4 Scoil Mhuire Cois Bóthair, Cill Tiarnáin lena múinteoir Sophia Klein

Chan siad : Báidín Fheidhlimí & Beidh Aonach Amárach

05: Rang a 4A Gaelscoil Thaobh na Coille, an Chéim lena múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh

Chan siad : Tá na Báid & Téir Abhaile Riú

06: Rang 4 ó Scoil Mhuire, Áth an Ghainimh lena múinteoir Áine O’Connell

Chan siad: Mo Ghile Mear & An bhfaca Tú mo Shéamaisín?

Bhí cinneadh an-deacair go deo le déanamh ag moltóir an chomórtais Maedhbh Uí Chiagáin ach ar deireadh chinn sí ar Chorn Claisceadail na Céime 2018 a bhronnadh ar rang 4 Scoil Mhuire Cois Bóthair faoi stiúir an Múinteoir Emma Dunne. Comhghairdeas mór leo.

17 Aibreán 2018

Comórtas Claisceadail na Céime was held for the second year running in Gaelscoil Thaobh na Coille on Tuesday the 17th of April 2018. This is a choral singing competition for fourth class. The choir is a class choir (all pupils) and not a special choir. Each choir or ‘claisceadal’ has to sing. 2 traditional Irish songs (in Irish), one slow song and one fast song. The songs are sung unaccompanied, one song in unison & the second song  in unison or in two-part harmony.

A class each from St Mary’s NS, Sandyford and Church of Ireland NS, Cill Tiarnan agnd two chasses each from Our Lasdy of the Wayside NS, Cill tiarnan & Gaelscoil Thaobh na Coille.  It was a great competition with beautiful and expressive singing to be heard from each choir.

01 : 4th class from Our Lady of the Wayside NS, Kilternan with their teacher  Emma Dunne

They sang : Mise Éire & Óró Sé do Bheatha Abhaile

02 : 4th class from Church of Ireland NS, Kilternan with their teacher Ethan Byrne

They sang : Beidh Aonach Amárach & Báidín Fheidhlimí

03 : Rang a 4B Gaelscoil Thaobh na Coille with their múinteoir Clíodhna Ní Leocháin

They sang : Óró Sé do Bheatha Abhaile & Trasna na dTonnta

04 : 4th class from Our Lady of the Wayside NS, Kilternan with their teacher Sophia Klein

They sang : Báidín Fheidhlimí & Beidh Aonach Amárach

05: Rang a 4A Gaelscoil Thaobh na Coille, an Chéim with their múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh

They sang : Tá na Báid & Téir Abhaile Riú

06: 4th class from St Mary’s NS, Sandyford with their teacher Áine O’Connell

They sang: Mo Ghile Mear & An bhfaca Tú mo Shéamaisín?

Our adjudicator Maedhbh Uí Chiagain had the very difficult task of choosing the winning choir and in the end Ms Emma Dunnes’s 4th class from Our Lady of the Wayside NS were named the Claisceadail na Céime 2018 winners. Comhghairdeas mór leo.