Feis Atha Cliath

19 Aibreán 2018

Bhí an-lá go deo ag daltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille amuigh sa Chlasach i nCluain Tarbh agus iad ag iomaíocht i bhfeis rince Feis Átha Cliath.  Comórtas rince foirne do bhunscoileanna í seo agus bhí daltaí ó 6 bhunscoil éagsúil san iomaíocht. Ghlac daltaí na scoile páirt i gceithre Chomórtas : Corr Ceathrair do R3/R4, Cor Ceathrair R5/R6, an Cor Ochtar R3/R4 & an Cor Ochtar R5/R6. 60 dalta ar fad ó ranganna 4, 5 agus a 6 a bhí ag rince ar son na scoil sa bhfeis.

Buaiteoirí an Cor Ochtar (R5/R6) Rang 5A

Bhí ríméad ar na páistí agus na múinteoirí agus iad ag filleadh chun na scoile agus an 1 áit faighte acu i dtrí cinn de na comórtais agus an 2ú áit faighte acu sa cheann eile mar aon leis an t-uafás boinn eile! Míle buíochas leis an múinteoir rince Nuala Ní Eochaidh as an obair ar fad a dhéanann sí leis na páistí. Tá an t-ádh linn múinteoir chomh hálainn, chomh maith agus chomh díograiseach leí a bheith ag obair linn anseo i nGaelscoil Thaobh na Coille.

Buaiteoirí an Cor Ceathrair (R5/R6) Rang 5B

Buaiteoirí an Cor Ceathrair (R3/R4) Rang 4A/B

Cor Ochtar (R3/R4) An Dara hÁit R4

Mar phríomhoide bhí mé thar a bheith bródúil as daltaí na scoile. As na béasaí álainn a léirigh siad agus iad ag freastal ar an bhfeis, as an nGaeilge shaibhir a bhí á labhairt acu, as an gcomhoibriú & an obair foirne a bhí ar siúl acu agus as an t-iarracht a chuireadar isteach sa rince. Thug gach dalta a d’fhreastal ar bhfeis 100% agus bhí an toradh sin le feiceáil agus iad ag rince ar an stáite. Sár-ambasadóirí don scoil.

CUARDACH



ROGHA TEANGA