Danny ó na Coronas

 

Nach muide a bhí ar bís (daltai & múinteoirí araon!) nuair a d’eagraigh an Múinteoir   Chambers go dtiocadh Danny Ó Raghallaigh ó na Coronas isteach chun na scoile le canadh dúinn. Díoladh amach na ticéadaí ar fad do cheolchoirm na Coronas roimh Nollaig san O2 i mBÁC agus bhí sé ag teacht le canadh dúinne inár scoil!

 

Tá Gaeilge ag Danny (rinne sé Gaeilge sa Choláiste—leis an Múinteoir Ní Mhuirgheasa) agus chan sé leagann Gaeilge den amhrán   ‘Heroes and Ghosts’ le tús a chur leis an gceolchoirm.  Bhí sé go hálainn ar fad leis na daltaí agus dúirt sé go raibh sé níos neirbhísigh ag canadh dóibh siúd ná mar a bhí sé nuair a bhí sé ag canadh san O2!

 

Amhránaí & ceoltóir den scoth is ea  é agus bua & traidisiún ceoil a mhuintir go smiorr ann (mac is ea é le Mary Black) agus é uasal, umhal lena hais sin.

 

8 Márta 2013

CUARDACH



ROGHA TEANGA