Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Féilire

SCOILBHLIAIN CHAIGHDEÁNAITHE

Féilire Scoile 2023/2024 iniata mar cheangaltán – cliceáil anseo: Féilire Scoile 2023-2024

Ní mór do bhunscoileanna na hÉireann 182 lá scoile a chomhlíonadh sa scoilbhliain. I 2004 déanadh caighdeanú naisiúnta ar na scoilthéarmaí mar chuid de chomhaontas náisiúnta ‘Dul Chun Cinn a Choinneáil’. Comhaontas a bhí anseo idir scoileanna, ceardchumainn múinteoireachta, eagraíochtaí tuismitheoirín agus eagraíochtaí ábhartha eile. Déanfar athbhreithniú ar an gcomhaontas amach anseo le socraithe a dhéanamh do na blianta amach romhainn.

Nil dátaí tosaithe agus críochnaithe na scoilbhliana caighdeánaithe dá bhrí sin tá solúbthacht áirithe ag na scoileanna maidir leis an lá a dtosaíonn na daltaí san Fhómhair agus a gcríochnaíonn siad sa Samhradh.  Bíonn gach scoil dúnta i mí Iúil & i mí Lúnasa. Tá na dátaí don Nollaig, don Cháisc agus do na brisí meán-téarma caighdeánaithe.

Gheobhaidh tú féilire ag tús na scoilbliaina ar a mbeidh na laethannta saoire & na laethanta ar an mbeidh an scoil dúnta liostaithe. Cuirfear ar an eolas tú roimh ré má bhíonn aon athrú á dhéanamh ar an bhféilire sin.

RIALACHA

Tús agus deireadh na scoilbhliana

Níl na dátaí tosaithe & deiridh na scoilbhliana caighdeánaithe ag an mbun leibhéal nó ag an dara léibhéal. Tosaíonn an scoilbhliain de ghnáth sa tseachtain ina bhfuil an 1 MeánFómhair gach bliain.

Laethannta Roghnach

Ní mór do bhunscoileanna na hÉireann 182 lá scoile a chomhlíonadh sa scoilbhliain. Is féidir leis na scoileanna aon lá sa bhreis a úsáid le faid a chur le saoire an tSamhraidh nó le saoire reiligiúnda nó eile dá rogha féin a ghlacadh.

Níl sé ceadaithe na laethannta seo a úsáid le faid a chur le saoire na Nollag, saoire na Cásca nó ceachtar den dá bhriseadh lár téarma (ach sa chás go dtiteann lá(laethannta) saoire reiligiúnach ag an am sin do scoileanna le sainchreideamh ar leith). Muna bhfuil dóthain laethannta roghnach fágtha ag scoil dá leithéid do shaoire reiligiúnach is féidir leis an scoil an lá a áireamh mar lá gan-teagasc.