An Bhrat Glas

Tar éis obair chrua An Coiste Glas le dhá bhliain anuas, bronnadh an chéad brat ghlas ar an scoil ag ócáid mhór i bPáirc an Chrócaigh ar an Mháirt an 22 Bealtaine 2013. B’iad Emma Nic Gabhann(R6), Tadhg Ó Ruairc (R6) & Páraic Mac Lochlainn (R5) na baill ón gcoiste a bhailigh an brat ar son na scoile.

Is é téama an chéad bhrat ná ‘bruascar’ agus ‘sé an manna a chum an Coiste Glas ná “Úsáid Arís,  Bí ar Bís”. Tá sár-obair déanta ag páistí uile na scoile agus mar thoradh ar an obair seo tá méadú ollmhór déanta ar an méid athchúrsála agus athúsáide atá á dhéanamh ag an scoil. Tá súil againn go bhfuil na dea-nósanna seo á leanúint sa bhaile freisin!

Ardaíodh an bhrat go h-oifigiúil i gclós na scoile ag a 11:45am ar an Déardaoin an 23/5/2013.

B’í an bitheolaí agus saineolaí dúlra mór le rá, Éanna Ní Lamhna a d’ardaigh an bhrat ar an lá. Chuaigh sí isteach chun cainte le ranganna na naíonaíon shinsearacha agus an dá Rang a 1 faoi chúrsaí dúlra agus athchúrsála sular bhailíomar ar fad le cheile i halla na scoile le searmanas beag a bheith againn sular ardaíodh an Bhrat Glais os comhair na scoile amach.

Chan daltaí R5 & R6 dhá amhrán dúinn ar dtús, ‘Colours of the Wind’ & ‘Coiméad Taobh na Coille Glan’ agus lean an grúpa ceoil iad le cúpla fonn.

Labhair an Múinteoir Chambers  faoin obair a rinne an Coiste Glas i rith na bliana agus ghabh sé buíochas leo as an obair ar fad a rinne siad. Labhair Éanna Ní Lamhna ar feadh tamaillín ansin sula ndeachamar amach leis an Bhrat a ardú don chéad uair.

Is orainn a bhí an ríméad nuair a seoladh an Bhrat suas go barr an chuaille agus í ag séideadh sa ghaoth taobh le Brat na hÉireann agus Brat na Scoile.

An Coiste Glas: R6 – Emma Nic Gabhann, Rachel Nic Bheinéid, Tadhg Ó Ruairc, Fionn Péaslaí R5 – Kate Nic Cartúin, Ella NÍ Uigín, Páraic Mac Lochlainn, Conor Ó Deaghaidh R4 – Seán Stobie R3 – Sophie Nic Aogáin R2 – Rebecca Nic Eoin, Fionn Mac Eiteagain R1 – Sophie Ní Mhaolchathail, Daniel de Grá

Múinteoirí : Cormac Chambers & Úna Ní Fhlatharta

25 Bealtaine 2013

CUARDACH



ROGHA TEANGA