Cód Iompair

RÉAMHRÁITEAS

Cuirimíd mar aidhm romhainn go laethúil i nGaelscoil Thaobh na Coille atmaisféar sona, síochánta a chothú a fhágann an deis ag gach dalta sa scoil a chumas nádúrtha a thabhairt chun lán-tairbhe. Tá súil againn go dtacóidh an Cód Iompair seo lenár n-iarrachtaí leanúnacha caidrimh dhearfacha agus luachanna na scoile a chothú. Tá súil againn chomh maith go bhfeidhmeoidh sé mar fhráma do dhea-iompair.

 AIDHMEANNA

Déanann an cód iompair iarracht trí rud a bhaint amach:

•      Feidhmiú éifeachtach na scoile agus struchtúr a chur ar smacht inmheánach an ranga chun atmasféar spreagthach éifeachtach a chothú inar féidir le daltaí foghlaim.

•      Ard-chaighdeán iompair a choinneáil tríd an scoil agus meas a léiriú do thimpeallacht na scoile.

•      Forbairt ar fhéin-smacht na ndaltaí, bunaithe ar mheas, ar chaoinfhulaingt agus ar thuiscint do dhaoine eile.

 PRIONSABAIL a bhaineann leis an gCÓD IOMPAIR

Má tá scoil chun an caighdeán is fearr a bhaint amach i ngach gné de shaol na scoile, ní mór di struchtúr éifeachtach a cheapadh, a spreagann iompar dearfach agus a chuireann daltaí ó mhí-iompar. I ngeall air seo, cuireann an cód iompair seo níos mó béime ar dhúthracht ná ar oilbhéas. É sin ráite, is gá modhanna smachta áirithe a chur i bhfeidhm scaití, chun dea-thoil agus dea-dhearcadh na scoile a chaomhnú agus chun an mí-iompar a chur as ceann aon dalta a mbeadh an claonadh sin ann. Tuigeann muintir na scoile áfach, nach ionann aon dá pháiste agus go ndéantar eisceacht anois is arís dá bharr.

Is féidir Cód Iompair na Scoile a léamh ina iomláine ach cliceáil ar an nasc thíos

03 Cód Iompair TnaC – Gaeilge

CUARDACH



ROGHA TEANGA