Covid-19

Plean Freagartha Covid-19 d’athoscailt Shábháilte & Inmharthana Ghaelscoil Thaobh na Coille


Ráiteas um Polasaí COVID -19

Tá Gaelscoil Thaobh na Coille tiomanta ionad oibre sláintiúil agus sábháilte dár bhfoireann ar fad agus timpeallacht foghlama shábháilte dár ndaltaí uile a chothú. Chun é sin a chinntiú tá an Plean Freagartha COVID-19 seo forbartha againn. Tá Bainistíocht agus foireann na scoile go léir freagrach as cur i bhfeidhm an phlean seo agus cuideoidh iarracht chomhchoiteann le bac a chur ar scaipeadh an víris. Tá sé mar aidhm againn: 

•     leanúint ar aghaidh le monatóireacht a dhéanamh ar ár bhfreagra COVID-19 agus an plean seo a leasú i gcomhairle lenár bhfoireann

•     eolas suas chun dáta maidir le treoracha sláinte phoiblí an FSS agus Gov.ie a chur ar fáil dár bhfoireann agus daltaí

•     eolas faoi chomharthaí COVID-19 agus conas ba cheart do lámha a ní a thaispeáint

•     ionadaí oibrithe atá furasta a aithint a aontú leis an bhfoireann chun an ról atá leagtha amach sa phlean seo a chomhlíonadh

•     an fhoireann agus na daltaí go léir a chur ar an eolas faoi shláinteachas riachtanach mar aon le béasaíocht anála agus riachtanais scaradh  sóisialta

•     an scoil a athchóiriú chun scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm mar is oiriúnach le treoracha agus orduithe na Roinne Oideachais

•     logleabhar teagmhála a choimeád chun chabhrú le rianú teagmhála

•     cinntiú go rachaidh an fhoireann i dteagmháil leis an bhfaisnéis ionduchtaithe / taithíocha a chuir an Roinn Oideachais ar fáil

•     an próiseas comhaontaithe i gcás go mbeadh duine sa scoil ag taispeáint na gcomharthaí de COVID-19 agus iad ar scoil a chur i bhfeidhm

•     treoracha a chur ar fáil don fhoireann agus do na daltaí i gcás go bhfuil siad ag taispeáint na gcomharthaí de COVID-19 agus iad ar scoil

•     glantóireacht a chloíonn le treoracha na Roinne Oideachais a dhéanamh

Rachfar i comhairliúchán leis an bhfoireann ar bhonn leantach agus fáiltítear roimh aiseolas ar ábhar imní ar bith, fadhbanna nó moltaí.

Is féidir é seo a dhéanamh tríd an bPríomhionadaí Oibrithe, a dtacófar leis/léi de réir an chomhaontaithe idir an Roinn agus na páirtithe oideachais.

Síniú: Máire Mac Gabhann, Cathaoireach Bord Bainistíochta                          Dáta: 17/08/2020

………………………………………………………………………………………………………………………………………..

Cliceáil ar na nascanna thíos le tuile eolais a fháil faoin bPlean Freagartha

Prótacail d’Athoscailt Shábháilte agus Inmharthana na Scoile: Prótacail d’Athoscailt Shábháilte & Inmhartha na Scoile

Plean Gluaiseachta : Plean Freagartha – Plean Gluaiseachta Isteach & Amach

Príomhionadaí Oibrithe:  Plean Freagartha – Príomhionadaí na nOibrithe

Ag Déileáil le Cás Amhrasta: Plean Freagartha – Ag Déileáil le Cás Amhrasta de COVID-19

An Prótacal má bhíonn Cás de Covid-19 againn ar Scoil: Plean Freagartha – Prótacal Cás Amhrasta nó Deimhnithe Covid-19

Covid-19 Comhairle do Thuismitheoirí: Comhairle do Thuismitheoirí     Eolas ón FSS do thuismitheoirí

Coróinvíreas – Comharthaí: Comharthaí Covid-19

CUARDACH



ROGHA TEANGA