Polasaí Iontrála Ghaelscoil Thaobh na Coille
Tá cóip de Pholasaí Iontrála Ghaelscoil Thaobh na Coille ar fáil anseo: Polasaí Iontrála Gaelscoil Thaobh na Coille MF2023
Iarratas ar Iontráil don Scoilbhliain 2024/2025
Tosóidh an scoil ag glacadh le hiarratais i gcomhair iontráil don scoilbhliain 2024/2025 ar an 02/10/2023
Stopfaidh an scoil ag glacadh le hiarratais i gcomhair iontráil don scoilbhliain 2024/2025 ar an 27/10/2023
Is é an dáta faoina gcuirfear an cinneadh maidir lena n-iarratas in iúl d’iarratasóirí ná an 17/11/2023
Is í an tréimhse nach mór d’iarratasóirí a dheimhniú go bhfuil siad ag glacadh le tairiscint ar áit sa scoil ná an 17/11/2023 go dtí 01/12/2023
Tá an ‘Fógra Bliantúil maidir le Ligeann Isteach i dtaca le ligeann isteach i scoilbhliain 2023/2024′ le fáil anseo: Fógra Maidir le Ligean Isteach 2024-2025.docx
Foirm Iarratais don Scoilbhliain 2024/2025
Is gá do gach duine a bhfuil spéis acu áit a fháil dá bpáiste i rang naíonáin shóisearacha don scoilbhliain 2024/2025 Foirm Iarratais ar Iontráil don Scoilbhliain 2024/2025 a líonadh anois.
Cliceáil ar an nasc seo le Foirm Iarratais ar Iontráil don Scoilbhliain 2024/2025 a chomhlánú ar-líne: NASC ar fáil ón 02/10/2023
nó
Cliceáil ar an nasc seo le Foirm Iarratais ar Iontráil don Scoilbhliain 2024/2025 a íoslódáil: F1 Foirm Iarratais don Scoilbhliain 2024-2025
Líon an fhoirm agus seol an fhoirm comhlánaithe ar ais ag an scoil roimh an 27/10/2023 ag an seoladh r-phoist seo a leanas: gaelscoil@taobhnacoille.ie (Nuair a bhíonn an fhoirm comhlánaithe á shábháil agat cuir ainm do pháiste sa teideal ie ‘Foirm Iarratais 2024/2025 ainm an pháiste‘)
Polasaí Iontrála Athbhreithnithe
Tá ceangaltas ar gach scoil Polasaí Iontrála nua a chur i bhfeidhm ón 01/02/2020 agus cloí le coinnialla áirithe mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas & Scileanna & an Acht Oideachais 2018.
Tá Polasaí Iontrála na scoile athbhreithnithe ag an mBord Bainistíochta agus tá sé ag teacht leis na socruithe athbhreithnithe i leith ligean isteach i scoileanna, a cheanglaítear le halt áirithe den Acht Oideachais (Ligean isteach i scoileanna) 2018.
Tosaíodh ar an athbhreithniú seo ar an 1 Feabhra 2020 agus tháinig deireadh feidhme leis an bpolasaí cláraithe a bhí i bhfeidhm ag an am sin (Polasaí Cláraithe Gaelscoil Thaobh na Coille 2017).
Is féidir an Polasaí Iontrála athbhreithnithe a léamh ina iomláine ach cliceáil ar an nasc seo thíos
Nasc: Polasaí Iontrála Ghaelscoil Thaobh na Coille (Nollaig 2022): Polasaí Iontrála Gaelscoil Thaobh na Coille MF2023
Riachtanas Iontrála Naíonáin Shóisearacha
Glacfar le hiarratais do pháistí a bheidh 4 bliana d’aois, ar a laghad, roimh an 1 Meán Fómhair don bhliain iarratais.
Glacfar le huasmhéad 60 dalta in aon scoilbhliain amháin (dhá shraith)
Ní ghlacfar a thuile le foirmeacha iarratais ar áit sa scoil ach amháin laistigh de thréimhse ama ainmnithe ar leith i bhfómhar na bliana sula bhfuil sé i gceist go dtosódh an pháiste ar scoil – an 1 Deireadh Fómhair ar a luaithe.
Ró-éileamh
Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scoil, déanfaidh an scoil na critéir roghnaithe a leanas a chur i bhfeidhm san ord ina bhfuil siad thíos maidir leis na hiarratais a fhaightear laistigh den amlíne chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála na scoile agus na hiarratais ar chead isteach á gcinneadh aici.
1. Páistí gur deimhin leis an scoil gur ghnóthaigh an dalta leibhéal líofachta sa Ghaeilge i suíomh neamhoideachasúil agus go mbeadh an dóchúlacht ann go rachadh an líofacht sin ar gcúl mura ligfí isteach i scoil lán-Ghaeilge é/í.*
2. Siblín** le dalta reatha na scoile nó le hiardhalta a d’fhreastail ar an scoil.
3. De réir aoise; an páiste is sine ar dtús.
* Beidh an dualgas iomlán ar thuismitheoirí/chaomhnóirí fianaise leordhóthanach a chur ar fáil chun leibhéal líofachta sa Ghaeilge a léiriú don bhord. Féach eolas breise sa cháipéis ábhartha atá ar fáil ón scoil.
** Deartháireacha, deirfiúracha, leath-shiblíní, páistí altramaigh nó uchtaithe
Tá cóip de Pholasaí Cláraithe Ghaelscoil Thaobh na Coille (Nollaig 2022) ar fáil anseo: Polasaí Iontrála Gaelscoil Thaobh na Coille MF2023