Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Ag Imirt sa Bhreatnais – Chawrae yn Gymraeg

Rinne Urdd Gobaith Cymru teagmháil le Gaelscoil Thaobh na Coille féachaint an mbeadh suim ag an scoil páirt a ghlacadh ina gclár Breatnaise agus Cultúir. Is é Urdd Gobaith Cymru (Urdd) an eagraíocht óige náisiúnta is mó sa Bhreatain Bheag agus cuireann sé spóirt, ealaíon, obair dheonach, printíseacht, caitheamh aimsire allamuigh, deiseanna daonnúla, idirnáisiúnta agus cónaithe ar fáil do phaistí agus do dhaoine óga ar fud na Breataine Bige a threisíonn a bhféinmhuinín agus a chuireann ar a gcumas cur go dearfach lena bpobal agus leis an domhan mór.


Ó bunaíodh é i 1922, tá breis is ceithre mhilliún páiste agus duine óg ina mbaill den ghluaiseacht agus chothaigh sé na glúnta daoine óga le bheith bródúil as a dtír, oscailte do dhaoine eile agus ina gcorpráidí beo dá dteanga agus dá gcultúr. Tá sé mar aidhm ag Urdd Gobaith Cymru an Bhreatnais a bheith mar teanga beo i measc páistí agus daoine óga sa Bhreatain Bheag agus cur lena n-úsáid den Bhreatnais.

 

Bhí foireann an Urdd sa scoil an tseachtain seo chaite ag obair le R5A & R5B. Ba’í aidhm na cuairte ná a gcultúr agus a dteanga a roinnt leo. Reáchtáil siad seisiúin Spórt & Cultúir leis an dá rang thar 2 lá. Chuir siad an clár ‘Chwarae yn Gymraeg’ nó ‘Ag Spraoi tré Bhreatnais’ ar bun leis na páistí agus is i mBreatnais amháin a reachtáileadh na seisiúin spraoi sin (tumoideachas). Bhí dhá lá thar a bheith taitneamhach, gníomhach, spraoiúil ag na páistí agus bhaineadar an-sult go deo as an eispéaras.


Thug Aire Oideachais na Breataine Bige, Mr Jeremy Miles cuairt ar an scoil ar an gCéadaoin 01 Márta, Lá Naomh Daithí – Lá Féile Náisiúnta na Breataine Bige. Bhí sé an-tógtha leis an gclár teanga/tumoideachais atá bhí ar bun sa scoil agus bhain sé an-taithneamh as bualadh leis na páistí agus iad a fheiscint ag foghlaim Breatnaise. Léirigh sé an-spéis freisin sa Ghaelscolaíocht agus an-spéis aige foghlaim faoin obair a déantar ‘sna Gaelscoileanna agus in Éirinn go coitianta leis an nGaeilge a chur chun cinn.

 

Bhí tionóil scoile againn le foireann Urdd ar Lá Naomh Daithí le Lá Féile na Breataine Bige a cheiliúradh leo.

Bhí daltaí R5 ar bís freisin mar go rabhadar ar Nuacht TG4 an tráthnóna sin agus san Irish Independent & An Irish Times (ar-líne) an lá dar gcionn!!

20230301 Irish Independent Lá Nmh Daithí

FÍSEÁN Dydd Gŵyl Dewi Hapus! Breatnais á foghlaim ag daltaí i nGaelscoil Thaobh na Coille sa Chéim i ndeisceart Bhaile Átha Cliath … pic.twitter.com/jr7z6cKyoG

— NuachtTG4 (@NuachtTG4) March 1, 2023