An Bhreatain Bheag

Turas Ranga R5 chun na Breataine Bige. Gaelecoil Thaobh na Coille & Ysgol Gymraeg Morswyn.

Chuaigh R5 go Holyhead  sa Bhreatain Bheag. Chuamar ar an Aoine an 7 Meitheamh 2013. Chuamar ar bhád darbh ainm an Swift.  

 

Nuair a shroicheamar Hollyhead bhí an Príomhoide Mr Medwyn Roberts,  beirt chailín agus beirt bhuachaill ón scoil ag an gcaladhphort le bualadh linn & le fáilte a chur romhainn.  Josh, Austin, Bethany agus Chloe ab ainm dóibh.  

 

Chuamar ar an mbus go dtí Ysgol Gymraeg Morswyn. Tá an scoil lonnaithe i Holyhead féin.  Chuir siad seó beag ar siúl dúinn sa scoil.

D’imríomar peil amuigh sa chlós agus bhí an-spraoi againn. Bhuaigh foireann na hÉireann! Bhí lón mór againn sa scoil nuair a chuamar isteach.

Chuamar ar bhus ansin go páirc náisiúnta logánta ar a dtugtar Parc y Morglwdd (nó Breakwater County Park i mBéarla). Cuireadh I ngrúpaí muid, daltaí ó Ghaelscoil Thaobh na Coille le daltaí ó Ysgol Gymraeg Morswyn agus rinneamar roinnt rianadóireacht.  

Bhí uachtar reoite againn nuair a chuamar ar ais go dtí an scoil. Fuaireamar an bád ar ais go hÉireann ag deireadh an lae. Bhí an-spórt againn amuigh ar an deic mar go raibh an ghaoth an-láidir go deo.

 Bhí an-lá ar fad againn agus táimid ag súil le lenár gcairde nua a fheiceáil an tseachtain seo chugainn nuair a thugann siadsan cuairt orainne i mBaile Átha Cliath.

Scríofa ag daltaí R5 : Meitheamh 2013

CUARDACH



ROGHA TEANGA