B.Á.C. Abú

Tháinig David Byrne chun na scoile inniu le Corn Sam Mac Uidhir. Is ball de Chub CLG Naomh Olaf é David agus bhí sé ar  phainéal peile Bhaile Átha Cliath a bhuaidh craobh peile na hÉireann i mbliana.

Ba é seo an dara uair ag David cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil Thaobh na Coille -  tháinig sé isteach nuair a bhuaidh foireann mionúir Bhaile Átha Cliath an craobh peile i 2011. B’é David caipteáin na foirne an bhliain sin.

Cá bhfios nach mbeadh duine nó dhó dár bpeileadóirí óga féin ag imirt do Bhaile Átha Cliath amach anseo – tá’s agam gur bhreá leo é sin.

Agus mé ag caint ar pheileadóirí na scoile guímíd gach rath ar fhoireann sinsearach peile na mbuachaillí agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghaelscoil Inse Cóir i gcluiche leath ceannais Corn Chlanna Gael Chumann na mBunscol ar an Déardaoin seo ag teacht.

22/10/2013

CUARDACH



ROGHA TEANGA