Graffitti Classics

Bhí Ceolchoirm Graffitti Classics ar siúl sa scoil ar an gCéadaoin an 16 Deireadh Fómhair 2013. Bhí ceolchoirm amháin againn ar maidin do dhaltaí na naíonáin shóisearacha, naíonáin shinsearacha & rang a 1 agus bhí an dara cheolchoirm againn taréis am lóin do  dhaltaí Rang a 2 go Rang a 6.

Sheinn an ceatharéid craiceáilte seo meascán de cheol clasaiceach dúinn agus choinnigh siad uile ar bís leis an gceol álainn a bhí á sheinnt acu agus an gheaitsíocht ghreannmhar a bhí á dhéanamh acu agus iad i mbun seinnte. sheinneadar ceol de chuid Beethoven, Brahms, amhráin ó cheoldrámaí agus ceol tíre – chaitheadar beagáinín rince gaelach isteach ina lár freisin! Ag tús na ceolchoirme iarradh ar na daltaí “Cé a cheapann go bhfuil ceol chlaiseacach leadránach?……bhuel feicimíd an mothaíonn sibh mar an gcéanna faoi sin ag deireadh ár gcuid seinnte”. Níl dabht ar bith ach gur bhaineamar ar fad an-sult agus ard-thaithneamh as an gceolchoirm.

CUARDACH



ROGHA TEANGA