Scéalta Spóirt

2013-14

PEIL na  gCAILÍNÍ : Corn Chomhar Linn

Ghlac foireann peile cailíní na scoile, faoi stiúr An Múinteoir Eavan Ní Mhuirgheasa agus An Múinteoir Máire Mhic Gabhann, páirt i gCorn Chomhar Linn i mbliana. Chailleadar sna réamhbhabhtaí i gcoinne Scoil Maelruain (Tamhlacht) agus Our Lady of Good Counsel (Baile Eoin). Níor imríodh an chluiche idir muid féin agus St. Attracta’s (Baile an tSaoir) agus bhronn Cumann na mBunscol na pointí orainn, rud a chiallaigh gur chríochnaigh Gaelscoil Thaobh na Coille sa tríú háit sa ghrúpa. Dá bhrí sin, bhaineadar an ceathrú craobh sa sciath. D’imir siad i gcoinne St. Brigid’s NS (Glas Naíon). Bhí St. Brigid’s ró-láidir ar an lá agus b’shin deireadh an chomórtais dóibh.

……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

PEIL na mBUACHAILLÍ : Corn Chlanna Gael

Ghlac 43 buachaill ó Rang a 4 go Rang a 6 páirt ‘sna seisiúin traenála seachtainiúil i bpáirc il-aimseartha DRLS sa Chéim.  B’iad an Múinteoirí Máirín Ní Dhubhthaigh agus an múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh a bhí i mbun an treanáil.

Chailleamar an chéad chluiche i gcoinne Réalt na Mara (An Rinn). Bhí an bua againn sa dá chluiche eile i gcoinne St. Mary’s (Baile an Bhóthair) agus Virgin Mary NS (Baile Munna). Chríochnaíomar sa dara háit i nGrúpa A.

Imríodh an cluiche ceathrú craobh in aghaidh buaiteoirí Grúpa D, St. Brendan’s BNS (Ard Aidhin), i bPáirc CLG Parnells sa Chúlóg. Thosaíomar amach go han-mhaith agus bhí dhá chúl scórálta againn laistigh den chéad cúig nóiméad. Bhíomar 3-02 v 1.06 chun tosaigh ag leath ama ach is dócha go raibh an peil is fearr imeartha ag St. Brendan’s. Scaoileamar cúl isteach go luath sa dara leath agus bhíomar taobh thiar do thriomlach an leath. In ainneoin go raibh formhór na seilbhe ag St. Brendan’s, d’éirigh le buachaillí na scoile an liathróid a chur san eangach i dtreo deireadh an chluiche agus bhí an lámh in uachtar bainte amach againn. Bhí na buachaillí scriosta ag filleadh abhaile ar an mbus ach bhí éacht déanta acu. Imríodh an cluiche leath chraobh idir muid féin agus Gaelscoil Inse Chór i bPáirc an Phiarsaigh, Croimghlinn. D’imir foireann na scoile ar ard chaighdeán agus bhí bua cuimsitheach againn. Thuig siad go raibh Páirc an Chrócaigh in ann dóibh anois agus bhí neart céiliúradh ag deireadh an chluiche.

Níl amhras ar bith ann ach go mbeidh cluiche an-dhian romhainn sa chraobh i gcoinne Gaelscoil Chluain Dolcáin. Rinneadar scrios ar Réalt na Mara sa leath chraobh 5-06 v 0-05 agus bhain Réalt na Mara an ceann is fearr amach orainn 0.12 v 0.07 sna réamhbhabhtaí!

CORN CHLANNA GAEL 2013

A

Scoil

Imeartha

Buaite

Comhscór

Caillte

Pointí

1

Réalt na Mara

3

3

0

0

6

2

GS Thaobh na Coille

3

2

0

1

4

3

Virgin Mary BNS

3

1

0

2

2

4

St. Mary’s, B

3

0

0

3

0

B

Scoil

Imeartha

Buaite

Comhscór

Caillte

Pointí

1

GS Chluain Dolcáin

3

3

0

0

6

2

Balgaddy NS

3

2

0

1

4

3

St. Peter Apostle

3

1

0

2

2

4

Sacred Heart, S

3

0

0

3

0

C

Scoil

Imeartha

Buaite

Comhscór

Caillte

Pointí

1

GS Inse Chór

3

3

0

0

6

2

St. James’ St. NS

3

2

0

1

4

3

Good Counsel

3

1

0

2

2

4

Sc. Naomh Damian

3

0

0

3

0

D

Scoil

Imeartha

Buaite

Comhscór

Caillte

Pointí

1

St. Brendan’s BNS

3

3

0

0

6

2

Scoil Neasáin

3

2

0

1

4

3

GS Cholmcille

3

0

1

2

1

4

Mother of Divine Grace

3

0

1

2

1

Ceathrú Chraobhacha (Quarter Finals)

(A1) Réalt na Mara      v   (D2) Scoil Neasáin

(B1) Gaelscoil Chluain Dolcáin      v   (C2) St. James’ Street NS

(C1) Gaelscoil Inse Chór     v   (B2) Balgaddy NS

(D1) St. Brendan’s BNS      v   (A2) Gaelscoil Thaobh na Coille

Leath Chraobhacha (Semi Finals)

(A1) Réalt na Mara   v    (B1) Gaelscoil Chluain Dolcáin

(C1) Gaelscoil Inse Chór v     (A2) Gaelscoil Thaobh na Coille

 CRAOBH (Final)

(B1) Gaelscoil Chluain Dolcáin  v      (A2) Gaelscoil Thaobh na Coille

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

STAIR na SCOILE i gCRAOBHANNA CHUMANN na mBUNSCOL

 Samhain 2012 (2 chraobh): Bhain cailíní na scoile an ceann is fearr amach ar Scoil Mhuire, Dumhach Trá i gcraobh peile Chorn an Chladaigh. Ar an lá céanna, bhuaigh foireann sinsear na scoile Sciath Chlanna Gael i gcoinne Our Lady’s BNS, Baile an tSaoir. Imríodh an dhá chraobh i bPáirc an Chrócaigh.

Samhain 2011: Bhain foireann peil na mbuachaillí an ceann is fearr amach ar Ghaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán i gCraobh Chorn an Chéid i bPáirc an Chrócaigh.

Nollaig 2007: Bhí an bua ag foireann sinsear peile na scoile i gcoinne St. Mary’s, Bancroft i gCorn Uí Dhonnchú.

Nollaig 2006: Chaill foireann peil na mbuachaillí amach i gcoinne St. Peter & Paul’s N.S., Baile Brigín i gCraobh Chorn Uí Dhonnchú. Imríodh an cluiche i bPáirc Pharnell agus craolaíodh ar Setanta é.

Samhain 2006: Bhí an bua ag cailíní na scoile don chéad uair. Bhaineadar an ceann is fearr amach ar Chluain Buiríosa, Cluain Dolcáin i gcraobh peile Chorn na Laoch i bPáirc Parnell.

Bealtaine 2006 (2 chraobh): Bhuaigh an scoil dhá chomórtas iomána an mhí seo – Corn Aghais (sinsear) agus Corn Harry Conlon (sóisear). Imríodh an dhá chlúiche i bPáirc an Chrócaigh.

Nollaig 2005: Bhuaigh foireann sinsear peile na scoile an chéad chorn de chuid Chumann na mBunscol i stair na scoile nuair a bhain siad an ceann is fearr amach ar St. Laurence O’Tooles i gCorn Matt Griffin i bPáirc an Chrócaigh. Craolaíodh an cluiche ar an teilifís.

Nollaig 2004: Chaill buachaillí na scoile craobh peile Corn na Laoch i gcoinne Scoil Naithí, Baile an tSaoir i bPáirc an Chrócaigh.

Samhain 2003: Chaill cailíní na scoile i gcoinne Scoil Mológa, Crois Araild i gcraobh peile Corn Irish Rubies i bPáirc Parnell.

 ………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

PAINÉAL IMREOIRÍ don Chraobh

1)      Jack Breathnach

2)      Seán Ó Drisceoil

3)      Harrison Ó Broin

4)      Colm Ó Craidhn

5)      Adam Ó Comhraí

6)      Tiarnán Ó Braonáin (Captaen)

7)      Seán de Búrca

8)      Dónal Mac Duinnshléibhe

9)      Finn Ó Murchú

10)  Cúán Ó Súilleabháin

11)  Cian Ó Cathasaigh

12)  Alex Binley

13)  Cathal Ó Duinnshléibhe

14)  Paraic Mac Lochlainn

15)  Alex Ó Floinn

16)  Conor Ó Déaghaidh

17)  Dara Mac Gabhann

18)  Caolán Ó Riain

19)  Luke Ó Floinn

20)  Morgan Mac an Chléirigh

21)  Breandán Ó Conaill

22)  Ciarán Mac Gabhann

23)  Cole Mac Ruairí

24)  Liam Ó Donaile

25)  Alex Ó Sírín

26)  Conor Ó Coigligh

M Ó Dubhthaigh : Samhain 2013

CUARDACH



ROGHA TEANGA