Nárbh íontach an radharc a bhí le feiceáil ar scoil ar an Aoine roimh an briseadh meán téarma nuair a tháinig daltaí & múinteoirí na scoile isteach ar scoil gléasta i bhfeisteas na Samhna.
Bhí an-iarracht déanta ag gach duine agus ard-chaighdeán feistis gléasta bainte amach.
Tá ard-mholadh ag dul na na páistí (agus a gcuid tuismitheoirí) a chur éadaí gléasta lámhdhéanta le chéile go speisialta don ócáid.
Cuireadh an-smaoineamh agus dua isteach i ndéanamh go leoir de na héadaí agus bhí siad ar fheabhas ar fad.
Tá moladh ar leith ag dul do rang 3B & R4 as an t-iarracht mhór a chur siad isteach ‘sna feistis a bhí orthu.
Buíochas freisin do dhaltaí R6 as na taispeántais a stiúradh dúinn.
Bhaineamar ar fad an taitneamh as a bheith ag féachaint ar na feistis ar fad agus tá pleananna á dhéanamh cheana féin d’éadaí gléasta na bliana seo chugainn!