Fáilte romhat chuig suíomh gréasáin Ghaelscoil Thaobh na Coille.
Léiríonn an suíomh gréasáin seo croí na scoile agus is nasc iontach láidir í idir an saol mór agus an scoil í féin. Gheobhaidh tú eolas faoi stair na scoile, polasaithe, ócáidí scoile agus an nuacht scoile is déanaí ar an suíomh seo. Déanfar uas-dátú rialta ar an suíomh seo mar sin coinnigh súil ghéar air le tú féin a choinneáil ar an eolas faoin nuacht scoile is deireanaí agus faoi imeachtaí scoile atá le teacht.
……………………………………………………………………………………………………….
Féilire Scoile 2023/2024
cliceáil anseo: Féilire 2023-2024
……………………………………………………………………………………………………….
Fógra maidir le hAthbhreithniú an Bhoird ar an Ráisteas um Chumhdach Leana
Is féidir an Polasaí um Chumhdach Leanaí a léamh ina iomláine i rannóg na bPolasaithe thuas.
……………………………………………………………………………………………………….
Nuachtlitir is Déanaí – 13/03/2023
Cliceáil thíos
Nuachtlitir 04 Márta 2023
……………………………………………………………………………………………………….
Márta 2023
COMÓRTAS PÓSTAER
Príomh Bhuaiteoir: Póstaer dearrtha ag Jude Holden R4A
Tuile eile in Imeachtaí Events 2022/2023 Comórtas Póstaeir
……………………………………………………………………………………………………….
08 Márta 2023
Banna Ceoil na Scoile ag seinnt ag Córfhéile 2023
Féach tuile eolais in ‘Imeachtaí’
……………………………………………………………………………………………………….
01 Márta 2023
Cuairt Aire Oideachais na Breataine Bige, Mr. Jeremy Miles, ar Ghaelscoil Thaobh na Coille
FÍSEÁN Dydd Gŵyl Dewi Hapus! Breatnais á foghlaim ag daltaí i nGaelscoil Thaobh na Coille sa Chéim i ndeisceart Bhaile Átha Cliath … pic.twitter.com/jr7z6cKyoG
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) March 1, 2023
Féach tuile eolais in ‘Imeachtaí’
……………………………………………………………………………………………………….
Craobh Peile Sinsear
Corn Mícheál Ó Muircheartaigh
Comhgháirdeachas le foireann sinsear peile na scoile as craobh Chumann na mBunscol a bhaint amach.
Beidh siad ag imirt sa chraobh chluiche i bPáirc an Chrócaigh ar an Déardaoin an 27/10/2022 ag 11am
Guímíd gach ádh orthu – Taobh na Coille Abú!
……………………………………………………………………………………………………….
Iarratas ar Iontráil don Scoilbhliain 2023/2024
Glacfar le hiarratais i gcomhair iontráil don scoilbhliain 2023/2024 ón
03/10/2022 go dtí an 28/10/22
Glacfar le hiarratais ar-líne tré chliceáil ar an NASC a bheidh ar fáil anseo ón 03/10/2022 ar aghaidh.
Tá breis eolais faoi Pholasaí Iontrála na scoile ar fáil ach cliceáil an táb ‘Iontráil’ ag barr an leathanaigh seo thuas.
……………………………………………………………………………………………………….
……………………………………………………………………………………………………….
Féilire Scoile 2022/2023 iniata mar cheangaltán – cliceáil anseo: Féilire Scoile 2022-2023
……………………………………………………………………………………………………….
Fáilte Mhór go Gaelscoil Thaobh na Coille
Naíonáin Shóisearacha 2022/2023
Meán Fómhair 2022
……………………………………………………………………………………………………….
26 Bealtaine 2022
Lúthchleasaithe na scoil san iomaíocht i Seantraibh
……………………………………………………………………………………………………….
07 Márta 2022
Obair Ealaíne R3A
……………………………………………………………………………………………………….
Spórt & Spraoi á bhaint as na boscaí inar tháinig na Scagairí Aeir HEPA!
……………………………………………………………………………………………………….
The Recipe for Happiness
Cúpla Dán deas scríofa ag daltaí ó R3B
(tuile le feiceáil i rannóg na ndaltaí)
……………………………………………………………………………………………………….
Bí Bródúil as do Theanga Dhúchais - Beatha Teanga í a Labhairt
R6A Eva Ní Mhórdha
……………………………………………………………………………………………………….
R3B Ceacht feadóg stáin amuigh faoin aer – Deireadh Fómhair 2021
……………………………………………………………………………………………………….
27/05/2021 – R2A & R2B ar thuras ranga – ‘Squirrel Scramble’ Eastáit Chill Ridire, Bré
Breis grianghraif in: Imeachtaí – Scoilbhliain 2020/2021
……………………………………………………………………………………………………….
R6B ag baint taitneamh agus tairbhe as na siúlóidí álainn atá inár gceantar – Ceann Bhré 23/04/2021
Tuile grianghraif i rannóg na nImeachtaí
……………………………………………………………………………………………………….
Clúdaigh Aghaidhe
le caitheamh ag gach duine ar láthair na scoile
Daltaí: Chun amannta tosaithe éagsúla a sheachaint agus cúrsaí scoile a éascú do thuismitheoirí beidh ar na daltaí ar fad clúdach aghaidhe a chaitheamh ón uair go dtrasnaíonn siad geata na scoile go sroicheann siad an seomra ranga. Is é seo an t-aon bhealach amháin le cinntiú go mbíonn cosaint ó scaipeadh an víreas sa scoil agus idir na Bolgáin Ranga, agus an oiread sin daltaí ag teacht isteach ag an am chéanna nuair nach féidir scarúint shóisialta a chur i bhfeidhm nó a chinntiú.
Tuismitheoirí & Daoine Fásta/Cuairteoirí : Ní mór do gach duine fásta clúdach aghaidhe a chaitheamh ar láthair na scoile (áit ar bith laistigh de gheataí na scoile)
……………………………………………………………………………………………………….
Eolas do Thuismitheoirí
Ní bheidh cead isteach sa bhfoirgneamh scoile ag éinne seachas foireann na scoile. Má theastaíonn ó thuismitheoir teagmháil a dhéanamh le múinteoir caithfear coinne a dhéanamh roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le hoifig na scoile 01-2950000 nó gaelscoil@taobhnacoille.ie agus déanfaidh an múinteoir teagmháil leat ansin le socrú a dhéanamh leat.
……………………………………………………………………………………………………….
Eolas do Chuairteoirí
Ní mór aon chuairt chuig na scoile le linn lá na scoile a shocrú roimh ré. Muna bhfuil do chuairt socraithe roimh ré agat leis an scoil, ní bheidh cead isteach agat. Téigh i dteagmháil leis an oifig fáilte le socrú a dhéanamh: Guthán 01 2950000 nó r-phost gaelscoil@taobhnacoille.ie
……………………………………………………………………………………………………….
Plean Freagartha Covid-19
d’Athoscailt Shábháilte & Inmharthana Ghaelscoil Thaobh na Coille
Tá Gaelscoil Thaobh na Coille tiomanta ionad oibre sláintiúil agus sábháilte dár bhfoireann ar fad agus timpeallacht foghlama shábháilte dár ndaltaí uile a chothú. Chun é sin a chinntiú tá an Plean Freagartha COVID-19 forbartha againn. Tá Bainistíocht agus foireann na scoile go léir freagrach as cur i bhfeidhm an phlean seo agus cuideoidh iarracht chomhchoiteann le bac a chur ar scaipeadh an víris. Is féidir Plean Freagartha Covid-19 na Gaelscoile a léamh i rannóg na bPolasaithe sa suíomh ghréasáin seo.
……………………………………………………………………………………………………….
……………………………………………………………………………………………………….
Tús Ceolmhar, Spaíúil le ‘Coicís na Gaeilge 2020′
John Spillane ag canadh do dhaltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille
Luan 09 Márta 2020
……………………………………………………………………………………………………….
SEÓ FAISEAN THAOBH NA COILLE
COMHGHAIRDEACHAS & MÍLE BUÍOCHAS
Comhgháirdeas & buíochas ollmhór le gach duine a bhí páirteach ar bhealach beag nó mór leis an Seó Faisean; coiste eagraithe, léiritheoir, bean an tí, foireann stáitiú, foireann cúl stáite, smideoirí, mainicíní & lucht féachanna. Bhí sár-oíche go deo ann in Óstán an Talbóidigh ar an Satharn. Bhí an t-atmasféar sa seomra do-chreidte, a bhuíochas don lucht féachanna íontach a thug tacaíocht don oíche tiomsaithe airgid seo.
……………………………………………………………………………………………………….
Graffiti Classics ag seinnt do na páistí
06 Feabhra 2020
……………………………………………………………………………………………………….
Bord Bainistíochta 2019 – 2023
Tá áthas orainn a chur in iúl daoibh gur tháinig Bord Bainistíochta nua i bhfeidhm ar 09 Nollaig 2019. Is féidir cliceáil ar an nasc thíos le nuachtlitir le heolas faoin mBord Bainistíochta agus baill an Bhoird a léamh.
Nuachtlitir - Bord Bainistíochta 2019 – 2023
Cliceáil ar an nasc thíos
Nuachtlitir 06 Bord Bainistíochta
……………………………………………………………………………………………………….
Bua Íontach ag Foireann Peile na gCailíní i bPáirc an Chrócaigh
Céadaoin 23 Deireadh Fómhair 2019
tuile eolais & grianghraif in Imeachtaí
……………………………………………………………………………………………………….
SEACHTAIN na MATAMAICICE
14 – 18 Deireadh Fómhair
Daltaí ó R2A ag tógáil le LEGO WeDo
…………………………………………………………………………………………………………………..
CRAOBH CAMÓGAÍOCHTA
LUAN 10/06/19
PÁIRC an CHRÓCAIGH 1.30pm
Foireann camógaíochta na scoile ag traenáil agus é ag clagarnaí báistí seachtain roimh an cluiche mór!
……………………………………………………………………………………………………….
LÚTHCHLEASAÍOCHT 2019
Éacht déanta ag daltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille i Seantraibh 20/5/2019 & 27/05/2019
(Tuile eolais i rannóg na nImeachtaí)
……………………………………………………………………………………………………….
FEIS ÁTHA CLIATH 2019
Buaiteoirí an Cor Ochtar – 15 Bealtaine 2019
……………………………………………………………………………………………………….
CÓRFHÉILE 2019
BANNA CEOIL GHAELSCOIL THAOBH NA COILLE
Lárionad Náisiúnta Cispheile, Tamhlacht – 6 Márta 2019
……………………………………………………………………………………………………….
COMÓRTAS PÓSTAEIR
Eagraíodh comórtas póstaeir scoile mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Iarradh ar na daltaí póstaeir a dhearadh do na siopaí áitiúla anseo i mBeallairmín agus sa Chéim. Tuile eolais féach: Imeachtaí Póstaer thuas dearrtha ag Áine Ní Chíobháin R6A
Márta 2019
……………………………………………………………………………………………………….
Comhgháirdeachas le Foireann Peile na gCailíní
Corn Comhar Linn
Páirc an Chrócaigh 22/10/2018
……………………………………………………………………………………………………….
Daltaí ó Rang a 6 ag caint leis An Taoiseach Leo Varadkar 14/09/2018
……………………………………………………………………………………………………….
Corn Iománaíochta
Corn Johnston Mooney & O’Brien
Páirc an Chrócaigh 06/06/2018
……………………………………………………………………………………………………….
………………..
Lá Páirce Sheantraibh 21/05/2018
An-lá go deo ag lúthchleasaithe Ghaelscoil Thaobh na Coille i Seantraibh!
Tuile eolais & grianghraif sa rannóg Imeachtaí den suíomh ghréasáin
……………………………………………………………………………………………………….
Feis Átha Cliath 18/04/2018
An-lá go deo ag rinceoirí Ghaelscoil Thaobh na Coille ag Feis Átha Cliath!
Tuile eolais & grianghraif sa rannóg Imeachtaí den suíomh ghréasáin
……………………………………………………………………………………………………….
Lauren Nic Aoidh & Corn Breandán Ó Máirtín.
Comhghairdeachas le foireann peile na mban B.Á.C. as Craobh Peile na hÉireann a bhuachaint. Comhgháirdeachas mór milteach go speisialta le Lauren Nic Aoidh iar-scoláire de chuid na scoile agus deirfiúr le Cillian Ó Catháin i R3A & Nathaniel Ó Cathán i N2B as an sár-imirt a rinne sí do B.Á.C. i bPáirc an Chrócaigh inné. 10 mbliana ó shin d’imir Lauren i bPáirc an Chrócaigh le foireann peile Ghaelscoil Thaobh na Coille i gCraobh Chumann na mBunscol agus thugadar an corn abhaile leo ar an lá sin freisin! Tháinig Lauren ar cuairt chun na scoile le déanaí agus Corn Breandán Mairtín leí. Mar chomhtarlúint tá beirt gar-nia agus gar-neach le Breandán Ó Máirtín ag freastal ar an scoil agus bhíodar an-sásta bualadh le Lauren agus deis a fháil breith ar an gcorn ata ainmnithe in onóir ar a seanuncail!
2007 – Gaelscoil Thaobh na Coille – Buaiteoirí Craobh Peile Chumann na mBunscol B.Á.C.
Éabha, Orla, Ciara & Lauren
…………………………………………………………………………………………….
Meitheamh 2017
R5A ar leathanach tosaigh an IRISH TIMES
………………………………………………………………………………………………………..
03 Aibreán 2017
ANNALISE MURPHY i nGAELSCOIL THAOBH na COILLE
Márta 2017
……………………………………………………………………………………………………….
Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge chun R6B an rap seo thíos
123 GAEILGE ABÚ
1995 – 2015 FICHE BLIAIN AG FÁS
Forógra do Ghlúin Nua – 2016
Banna Ceoil na scoile ar chlúdach irisleabhar Intouch de chuid an INTO
Eagrán Aibreán 2014