Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Blog

Lúthchleasaíocht

Uncategorized
An-lá go deo ag daltaí na scoile i gcomórtais lúthchleasaíochta Chumann na mBunscol i Seantraibh inniu; 5 mbonn faighte sna comórtais aonair: Chloe R6A 1ú Caitheamh Meáchan, Felix R6A 2ú Caitheamh Meáchan, Ailish R6A 2ú 600m, Robyn R6A 3ú 100m agus Max R6A 3ú Léimt Ard. agus 2ú Rás Sealaíochta Cailíní F12 agus 1ú & an Corn buaite ag Rás Sealaíochta na gCailíní F14. Comhgháirdeachas gach duine a ghlac páirt sa lúthchleasaíocht inniu  agus míle buíochas leis an Múinteoir Máirín Ní Dhubhthaigh agus an Múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh as na daltaí a réiteach do na comórtais éagsúla.
Read More

Féilire Scoile 2026/2027

Uncategorized
Beidh an scoil ag athoscailt don scoilbhliain 2026/2027 ar an Aoine an 28 Lúnasa 2026. Féach Féilire Scoile 2026/2027 thíos. Cliceáil anseo le hÍoslódáil:     Féilire Scoile 2026/2027
Read More

Comórtas Ealaíne SnaG

Uncategorized
Comórtas Ealaíne Sheachtain na Gaeilge: Dhear daltaí na ranganna sóisearacha pictiuir bunaithe ar rannta agus amhráin a d’fhoghlaim siad ar scoil. Bronnadh duais beag ar an dá phictiúr ab fhearr i ngach rang. [caption id="attachment_9494" align="aligncenter" width="600"] Oscar Ó Donnabháin R2A[/caption] [caption id="attachment_9486" align="aligncenter" width="600"] Chloe Ní Mhurchú R2B[/caption] Tá na pictiúir ar fad a bhuaigh an comórtas le feiceáil faoin táb ‘Nuacht Scoile’
Read More

Comórtas Póstaeir

Uncategorized
Dhear daltaí na ranganna sinsearacha póstaeir do na siopaí áitiúla, chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí na póstaeir ar fad ar ard-chaighdeán agus tá na póstaeir a bhuaigh an comórtas  le feiceáil i bhfuinneoga siopaí agus gnóthlachtaí logánta faoi láthair – coinnigh súil amach dóibh. Tá na póstaeir ar fad a bhuaigh an comórtas le feiceáil faoin táb 'Nuacht Scoile'  
Read More

Naomh Bríd, Muire na nGael

Uncategorized
Beannachtaí na Féile Bríde oraibh go léir! A Naomh Bríd, a Mhuire na nGael A Naomh Bríd, a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat A Naomh Bríd a chroí na féile, stiúr sinn ar an mbóthar ceart. A Naomh Bríd gheanúil ghrástúil, ar ár namhaid cosain sinn. A Naomh Bríd a bhean rialta álainn, ar uair ár mbáis glaoigh orainn. [caption id="attachment_9417" align="alignnone" width="525"] Lá Féile Bríde[/caption]
Read More

Oíche Oscailte

Uncategorized
Beidh oíche oscailte againn ar an Luan 06/10/2025 ó 18:30 go 19:30 do thuismitheoirí nua le páistí réamhscoile ar mhaith leo eolas a fháil faoin scoil agus cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh. Fáilte roimh chách! We will be holding an Open Night on Monday 06/10/2024 from 18:30 - 19:30 for parents we preschool children who would like to learn a little bit about our Gaelscoil and have a look around our school building. All are welcome.  
Read More

Ag Ceiliúradh 30 Bliain

Uncategorized
Osclaíodh doirse Ghaelscoil Thaobh na Coille don chéad uair ar an 1 Meán Fómhair 1995. Is cúis mór bróid dúinne, na daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht bainistíochta ar fad a bhí bainteach leis an scoil ó 1995 i leith agus gan a n-ionchur, a bhfís, a ndíogras agus a ndúthracht ní bheadh an scoil iontach atá againn inniu ann. Táimid ag súil le ceiliúradh mór a dhéanamh i rith na bliana ar a bhfuil bainte amach againn mar scoil sna tríocha bliana sin. Bhí lá speisialta againn do na daltaí ar an Luan - Bhí caisleáin phreabacha agus uachtar reoite againn do na páistí (agus don na múinteoirí) ar fad. Bhain gach duine an spórt agus spraoi as an lá.
Read More

Féilire Scoile 2025/2026

Uncategorized
Féilire don Scoilbhliain 2025-2026 Tosóidh an scoilbhliain 2025-2026 do na páistí  ar an Déardaoin 28 Lúnasa 2025 Is féidir cóip den Féilire a íoslódáil anseo:Féilire Scoile 2025-2026 05/09/2025
Read More

Fóin Chliste

Uncategorized
COMHAONTÚ DEONACH  maidir le FÓIN CHLISTE agus teicneolaíochtaí eile Aontaím nach dtabharfaidh mé rochtain neamhshrianta idirlíon do mo pháiste i bhfoirm fón cliste go dtí go mbíonn siad críochnaithe ar an mbunscoil. I agree to delay giving unrestricted access in the form of a smartphone to my child until they leave primary school. CLÁRAIGH ANSEO     https://freeonlinesurveys.com/s/agnp1VTv
Read More