Beidh an scoil ag athoscailt don scoilbhliain 2026/2027 ar an Aoine an 28 Lúnasa 2026. Féach Féilire Scoile 2026/2027 thíos. Cliceáil anseo le hÍoslódáil: Féilire Scoile 2026/2027
Comórtas Ealaíne Sheachtain na Gaeilge: Dhear daltaí na ranganna sóisearacha pictiuir bunaithe ar rannta agus amhráin a d’fhoghlaim siad ar scoil. Bronnadh duais beag ar an dá phictiúr ab fhearr i ngach rang. [caption id="attachment_9494" align="aligncenter" width="600"] Oscar Ó Donnabháin R2A[/caption] [caption id="attachment_9486" align="aligncenter" width="600"] Chloe Ní Mhurchú R2B[/caption] Tá na pictiúir ar fad a bhuaigh an comórtas le feiceáil faoin táb ‘Nuacht Scoile’
Dhear daltaí na ranganna sinsearacha póstaeir do na siopaí áitiúla, chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí na póstaeir ar fad ar ard-chaighdeán agus tá na póstaeir a bhuaigh an comórtas le feiceáil i bhfuinneoga siopaí agus gnóthlachtaí logánta faoi láthair – coinnigh súil amach dóibh. Tá na póstaeir ar fad a bhuaigh an comórtas le feiceáil faoin táb 'Nuacht Scoile'
Beannachtaí na Féile Bríde oraibh go léir! A Naomh Bríd, a Mhuire na nGael A Naomh Bríd, a Mhuire na nGael, scar orainn do bhrat A Naomh Bríd a chroí na féile, stiúr sinn ar an mbóthar ceart. A Naomh Bríd gheanúil ghrástúil, ar ár namhaid cosain sinn. A Naomh Bríd a bhean rialta álainn, ar uair ár mbáis glaoigh orainn. [caption id="attachment_9417" align="alignnone" width="525"] Lá Féile Bríde[/caption]
Beidh oíche oscailte againn ar an Luan 06/10/2025 ó 18:30 go 19:30 do thuismitheoirí nua le páistí réamhscoile ar mhaith leo eolas a fháil faoin scoil agus cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh. Fáilte roimh chách! We will be holding an Open Night on Monday 06/10/2024 from 18:30 - 19:30 for parents we preschool children who would like to learn a little bit about our Gaelscoil and have a look around our school building. All are welcome.
Osclaíodh doirse Ghaelscoil Thaobh na Coille don chéad uair ar an 1 Meán Fómhair 1995. Is cúis mór bróid dúinne, na daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht bainistíochta ar fad a bhí bainteach leis an scoil ó 1995 i leith agus gan a n-ionchur, a bhfís, a ndíogras agus a ndúthracht ní bheadh an scoil iontach atá againn inniu ann. Táimid ag súil le ceiliúradh mór a dhéanamh i rith na bliana ar a bhfuil bainte amach againn mar scoil sna tríocha bliana sin. Bhí lá speisialta againn do na daltaí ar an Luan - Bhí caisleáin phreabacha agus uachtar reoite againn do na páistí (agus don na múinteoirí) ar fad. Bhain gach duine an spórt agus spraoi as an lá.
Féilire don Scoilbhliain 2025-2026 Tosóidh an scoilbhliain 2025-2026 do na páistí ar an Déardaoin 28 Lúnasa 2025 Is féidir cóip den Féilire a íoslódáil anseo:Féilire Scoile 2025-2026 05/09/2025
COMHAONTÚ DEONACH maidir le FÓIN CHLISTE agus teicneolaíochtaí eile Aontaím nach dtabharfaidh mé rochtain neamhshrianta idirlíon do mo pháiste i bhfoirm fón cliste go dtí go mbíonn siad críochnaithe ar an mbunscoil. I agree to delay giving unrestricted access in the form of a smartphone to my child until they leave primary school. CLÁRAIGH ANSEO https://freeonlinesurveys.com/s/agnp1VTv
Folúntas : Cuntóir Riachtanas Speisialta (SNA) 1 x Lánaimseartha (32 uair) 1 x Páirtaimseartha (0.5 / 16 uair) Le tosú: Márta 2025 Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, an fhoireann tacaíochta, na daltaí agus an bhainistíocht i nGaelscoil Thaobh na Coille. Is gá go mbeadh Gaeilge labhartha fheidhmeach ag an té a ceaptar sa phost seo. Litir Iarratais, Foirm Iarratais mar Chuntóir Riachtanas Speisialta, Uimhreacha Teagmhála Moltóirí, & Teastaisí oiriúnacha le seoladh ar r-phost chuig: 2025taobhnacoille@gmail.com tráth nach déanaí ná 18/02/2025.