Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Fealsúnacht na Scoile

Tá sé mar mhian againn i nGaelscoil Thaobh na Coille timpeallacht shuaimhneach a chruthú ina ndéanfar cúram d’fhorbairt intleachtúil, fhisiciúil, shóisialta, mhothúchánach agus spioradálta an pháiste. An Ghaeilge mar theanga a bheith lárnach sa phróiseas foghlama, mar theanga teagaisc agus mar mhéan cumarsáide. Béim faoi leith a chur ar an gcúltúr Gaelach. Na páistí a spreagadh ina threo seo taobh istigh agus taobh amuigh den scoil. Dearcadh dearfach i leith na foghlama a chothú sna daltaí agus a chur ar a gcumas foghlaim neamhspléach a dhéanamh. Atmaisféar a chothú sa scoil a spreagann an dalta a bheith neamhspléach, caoinfhulangach, cinéalta, muiníneach agus comhoibritheach. An creideamh Cailtliceach a mhúineadh agus a chur ar fáil mar threoir mhórálta sa scoil. Rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i gcomhoideachas na bpáistí a spreagadh, trí deiseanna a thabhairt dóibh a bheith lánpháirteach i gcur chun cinn agus i bhforbairt na scoile trí Chumann na dtuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta. An freastal céanna a dhéanamh ar phobal uile na scoile (daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí) i ngach gnéith de shaol na scoile.