An Ghaeilge

Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na páistí, an bhainistíocht agus na tuismitheoirí / caomhnóirí (nuair is féidir é) i nGaelscoil Thaobh na Coille.

• Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil laistigh agus lasmuigh de na ranganna, sa chlós agus i dtimpeallacht na scoile.

• Is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide ag ócáidí sóisialta, ócáidí spóirt nó drámaíochta nó aon imeachtaí eile ar a bhfreastalaímid mar scoil.

• Cuirtear fáilte roimh gach páiste sa scoil is cuma cén cúlra teanga atá acu. Is i nGaeilge amháin a labhraítear leis an bpáiste nuair a thagann sé/sí ar scoil den chéad uair agus uaidh sin amach. Is é an córas luath thumoideachas iomlán atá i bhfeidhm sa scoil agus ní thosaítear ar an mBéarla a theagasc go dtí na naíonáin shinsearacha.

• Iarraimid ar thuismitheoirí / chaomhnóirí agus gach duine eile a bhíonn bainteach leis and scoil cuidiú linn agus muid ag cruthú ‘Gaeltacht’ inár scoil agus inár dtimpeallacht.

• Molaimid go mór iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt sa bhaile nuair is féidir, is cuma muna mbíonn ann ach cúpla focal, nathanna cainte nó abairtí anseo is ansiúd. Is mór an chabhair dúinne agus don pháiste má bhíonn dearcadh dearfach i leith na Gaeilge le sonrú sa bhaile chomh maith leis an scoil.

• Má theastaíonn ó thuismitheoir / chaomhnóir labhairt leis an múinteoir le linn ranga, iarraimid air / uirthi Gaeilge a labhairt.

CUARDACH



ROGHA TEANGA