Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

An Ghaeilge

 

       

Manna na Scoile: ‘BEATHA TEANGA Í A LABHAIRT’

‘Beatha Teanga í a Labhairt’ an manna a roghnaíodh don scoil. Tá an Ghaeilge Labhartha fíor-thábhachtach dúinn mar scoil. Is í an Ghaeilge teanga theagaisc & teanga chumarsáide na scoile. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil laistigh agus lasmuigh de na ranganna, sa chlós agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm againn dearcadh dearfach agus grá don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach a spreagadh sna daltaí, i bpobal na scoile agus sa cheantair máguaird. Déanaimíd iarracht Gaeltacht bheag a chruthú inár scoil agus sa cheantair thart orainn.

An Ghaeilge sa Scoil

Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na páistí, an bhainistíocht agus na tuismitheoirí / caomhnóirí (nuair is féidir é) i nGaelscoil Thaobh na Coille.

Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil laistigh agus lasmuigh de na ranganna, sa chlós agus i dtimpeallacht na scoile.

Is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide ag ócáidí sóisialta, ócáidí spóirt nó drámaíochta nó aon imeachtaí eile ar a bhfreastalaímid mar scoil.

Cuirtear fáilte roimh gach páiste sa scoil is cuma cén cúlra teanga atá acu. Is i nGaeilge amháin a labhraítear leis an bpáiste nuair a thagann sé/sí ar scoil den chéad uair agus uaidh sin amach. Is é an córas luath thumoideachas iomlán atá i bhfeidhm sa scoil agus ní thosaítear ar an mBéarla a theagasc go dtí na naíonáin shinsearacha.

Iarraimid ar thuismitheoirí / chaomhnóirí agus gach duine eile a bhíonn bainteach leis and scoil cuidiú linn agus muid ag cruthú ‘Gaeltacht’ inár scoil agus inár dtimpeallacht.

Molaimid go mór iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt sa bhaile nuair is féidir, is cuma muna mbíonn ann ach cúpla focal, nathanna cainte nó abairtí anseo is ansiúd. Is mór an chabhair dúinne agus don pháiste má bhíonn dearcadh dearfach i leith na Gaeilge le sonrú sa bhaile chomh maith leis an scoil.

Má theastaíonn ó thuismitheoir / chaomhnóir labhairt leis an múinteoir le linn ranga, iarraimid air / uirthi Gaeilge a labhairt.Irish is the language of instruction and the language of communication amongst teachers, children, management and parents / guardians (where possible) in Gaelscoil Thaobh na Coille.

Riail na Gaeilge

Cuirtear an-bhéim ar riail na Gaeilge sa scoil: ‘Labhraimíd Gaeilge an t-am ar fad, i ngach aon áit i nGaelscoil Thaobh na Coille’

Is í riail na Gaeilge an chéad riail a leagtar síos i rialacha scoile na ndaltaí (féach dialann obair bhaile): ‘Is í an Gaeilge teanga na scoile. Labhair í i gcónaí, sa seomra ranga, sa chlós agus ag imeachtaí scoile’