Bord Bainistíochta

Bord Bainistíochta 2019 – 2023

Tháinig an Bord Bainistíochta seo i bhfeidhm ar 09 Nollaig 2019. Is féidir cliceáil ar an nasc thíos le nuachtlitir le heolas faoin mBord Bainistíochta agus baill an Bhoird  a léamh.

Nuachtlitir -  Bord Bainistíochta 2019 – 2023

Cliceáil ar an nasc thíos

Nuachtlitir 06 Bord Bainistíochta

Téarma an Bhoird : Nollaig 2019 – Samhain 2023

Baill an Bhoird

Príomhoide : Emer Nic Chonchradha

Ionadaí na Múinteoirí : Máire Mhic Gabhann

Ionadaithe an Phátrún : Máire Mac Gabhann & Turlach Ó Meachair

Ionadaithe na dTuismitheoirí : Joe Ó Glacáin & Emma Ní Lionnáin

Ionadaithe  ón bPobal :  Sharon Ní Cheallaigh & Ailín Ní Dhomhnaill

Oifigí

Cathaoirleach : Máire Mac Gabhann

Rúnaí Taifead :  Máire Mhic Gabhann

Cisteoir :  Sharon Ní Cheallaigh

AN BORD BAINISTÍOCHTA

Téarma an Bhoird : Nollaig 2019 – Samhain 2023

Tháinig téarma an Bord Bainistíochta ata ag feidhmiú faoi láthair i bhfeidhm ar an 01/12/2019.

Seo a leanas comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta.

I. Beirt ionadaí de chuid an Phatrúin (molta ag an iar-Bhord).

II. Beirt thuismitheoir a bhfuil leanaí cláraithe sa scoil acu (máthair agus athair, agus iad araon a bheith tofa ag tuismitheoirí na leanaí i gcoitinne atá cláraithe sa scoil).

III. Príomhoide na scoile.

IV. Múinteoir de fhoireann na scoile.

V. Beirt eile a mhol an seisear  ó (i) – (iv) thuas.

Feidhmíonn an Bord Bainistíochta thar cheann an phatrúin (an Foras Patrúnachta) agus de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas & Scileanna. Feidhmíonn sé mar ‘chomhlacht Chorparáideach’. Ciallaíonn sé seo go bhfeidhmíonn an Bord mar aonad amháin agus iad ag deighleáil le gnó scoile.  Dá bhrí sin feidhmíonn na tuismitheoirí agus an múinteoir tofa go hiomlán neamhspleách ar an ngrúpa a thogh iad sa chéad áit.

Tá sé mar dhualgas ar bhaill an Bhoird seasamh agus tacú le sainmheoin, cultúir agus traidisiúin na scoile, eolas & tuiscint a bheith acu ar na freagrachtaí aonair agus na comhfhreagrachtaí a bhaineann le ballraíocht ar an mBord,  ról/feidhm ar leith i mBainistíocht na scoile a ghlacadh orthu féin agus tuiscint a bheith acu ar feidhmeanna an Bhoird agus an gaol atá idir an Bord Bainistíochta, daltaí, múinteoirí, foireann, tuismitheoirí, an patrún agus an Roinn Oideachas & Eolaíochta.

Faoi phátrúnacht an Fhorais is gá go mbeadh an Bord Bainistíochta ag feidhmiú trí Ghaeilge agus dá bhrí sin is gá go mbeadh Gaeilge fheidhmeach ag na hainmnithe ar fad.

CUARDACH



ROGHA TEANGA