- Bunscoil chomhoideachais chaitliceach lán-Ghaeilge í, Gaelscoil Thaobh na Coille.
- Feidhmíonn an scoil faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais & Eolaíochta.
- Tá Gaelscoil Thaobh na Coille faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo. Cuirtear fáilte roimh gach páiste sa scoil is cuma cén cúlra teanga, sóisialta, creidimh nó náisiúntachta atá acu.
- Meon chaitliceach atá ag an scoil ach cuirtear fáilte roimh dhaltaí ó chreidimh eile freastal ar an scoil.
- Scoil saor-oideachais í, a riartar le cúnamh airgeadais ón Roinn Oideachais & Eolaíochta. Bímid ag brath mar sin féin ar chúnamh ó thuismitheoirí agus ó chairde na scoile chun airgead a bhailiú le cuidiú le costas reatha agus forbartha na scoile.
- Is páirtnéirí iad na tuismitheoirí i gcomhoideachas na bpáistí agus tá siad lán-pháirteach i gcur chun cinn agus i bhforbairt na scoile trí Chumann na dTuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta.
- Grúpa tuismitheoirí a bhunaigh an scoil sa bhliain 1995. Osclaíodh an scoil ar an 4ú lá de Mheán Fómhair i gClubtheach Chumann Rugbaí de la Salle Palmerston i gCill Tiarnáin.
- I mí Márta 1998, bhronn an Roinn Oideachais & Eolaíochta aitheantas buan ar Ghaelscoil Thaobh na Coille.
- Ar an 1 Meán Fómhair 2009 bhogamar isteach inár bhfoirgneamh scoile buan in Eastáit Bheallairmín sa Chéim. Foirgneamh úr-nua, dhá-stór, 16 seomra ranga í atá geal agus fairsing le seomraí ranga breátha, áiseanna cearta oideachais do na daltaí & do na múinteoirí, seomraí il-úsáide agus halla tionóil.
- D’fhorbair an scoil rang amháin in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin go dtí go raibh dhá shraith de ngach rang sa scoil i Meán Fómhair 2017 Bíonn thart ar 460 dalta cláraithe sa scoil gach bliain.