Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Ár Scoil

Faisnéis Chúlra 

Bunscoil chomhoideachais chaitliceach lán-Ghaeilge í, Gaelscoil Thaobh na Coille.

Feidhmíonn an scoil faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais.

Tá Gaelscoil Thaobh na Coille faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo. Cuirtear fáilte roimh gach páiste sa scoil is cuma cén cúlra teanga, sóisialta, creidimh nó náisiúntachta atá acu.

Meon chaitliceach atá ag an scoil ach cuirtear fáilte roimh dhaltaí ó chreidimh eile freastal ar an scoil.

Scoil saor-oideachais í, a riartar le cúnamh airgeadais ón Roinn Oideachais. Bímid ag brath mar sin féin ar chúnamh ó thuismitheoirí agus ó chairde na scoile chun airgead a bhailiú le cuidiú le costas reatha agus forbartha na scoile.

Is páirtnéirí iad na tuismitheoirí i gcomhoideachas na bpáistí agus tá siad lán-pháirteach i gcur chun cinn agus i bhforbairt na scoile trí Chumann na dTuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta.

Grúpa tuismitheoirí a bhunaigh an scoil sa bhliain 1995. Osclaíodh an scoil ar an 4ú lá de Mheán Fómhair i gClubtheach Chumann Rugbaí de la Salle Palmerston i gCill Tiarnáin.

I mí Márta 1998, bhronn an Roinn Oideachais aitheantas buan ar Ghaelscoil Thaobh na Coille.

Ar an 1 Meán Fómhair 2009 bhogamar isteach inár bhfoirgneamh scoile buan in Eastáit Bheallairmín sa Chéim. Foirgneamh úr-nua, dhá-stór, 16 seomra ranga í atá geal agus fairsing le seomraí ranga breátha, áiseanna cearta oideachais do na daltaí & do na múinteoirí, seomraí il-úsáide agus halla tionóil.

D’fhorbair an scoil rang amháin in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin go dtí go raibh dhá shraith de ngach rang  sa scoil i Meán Fómhair 2017  Bíonn thart ar 450 dalta cláraithe sa scoil gach bliain.