Seó Tallainne

15 Meitheamh 2018

AN MHÍR IS FEARR   roinnte idir

&

AN MHÍR Sóisearach IS FEARR   - Gradam na hÓige

Bhí seó tallainne bliaintiúil na scoile ar siúl ar an Aoine an 15 Meitheamh. Daltaí ó R 3 go R 6 a ghlacann páirt sa seó talainne agus i mbliana bhí 44 mhír sa seó agus 105 páiste san iomlán ar an ardán.

Bhí míreanna de gach saghas le feiceáil ar an ardán: amhránaíocht aonair, ceol traidisiúnta, ceol claisiceach, pianadóirí, taispeántas rince, grúpaí amhránaíochta, rince gaelach, bannaí ceoil, roc-ghrúpaí, gleacaíocht, draíocht agus a lán eile.

Cuireann sé gliodar croí agus an-bhród orm an oiread sin páistí a fheiceáil ag léiriú a gcuid tallainne, ag comhoibriú le chéile agus ag  lonra ar an ardán. Tá  ard-mholadh tuillte ag na  daltaí ar fad a ghlac páirt sa seó tallainne – bhí gach aon duine acu ar fheabhas ar fad agus léirigh siad an-chaighdeán go deo.

Buíochas leis na moltóirí Eavan Ní Mhuirgheasa & Sadhbh Ní Fhloinn as an bpost iontach deacair a bhí le déanamh acu na barr-mhíreanna a roghnú. Cé go raibh tasc an-deacair acu d’aontaíomar ar fad leo faoi na buaiteoirí a roghnaíodar.

BUAITEOIRÍ SEÓ TALLAINNE 2018

AN MHÍR IS FEARR roinnte idir

Rian Ó Braonáin

&

Banna R6B – Jeanne, Céide, Ciara, Ruby, Doireann, Daniel, Jack Ó R, Breandan, Robert, Moses

GRADAM na hÓIGE – An mhír sóisearach is fearr

Aobha de Róiste

GRADAM ARD MHOLADH

Sár-Amhránaí:  Sadhbh Ní Bhroin

Sár-Amhránaí Óg: Róisín Nic Lochlainn

Sár-Amhránaíocht: Keelin Ní Dhuibhir & Alice Sincléir

Sár-Cheoltóir: Thuan Ní Dhuinnshléibhe

Sár-Cheoltóirí Traidisiúnta: Na Gaeil Óga –Charlie, Billie, Rebekah, Maria

Sár-Phianadóir: roinnte idir Fionn Ó Briain & Fionn Ó Nuanáin

Sár-Rinceoir: Sophie Nic Giolla Chumhaill

Sár-Bhanna: Banna R4B – Odhrán, Karl, Mark, Alan, James

Sár-Ghleacaithe: Sauna Tirial & Rachel Tirial

Sár-Chur i Láthair: An Draoi – Niamh Ní Mhaonaigh & a cúntóir Niamh Ní Dhúill

Sár-Mhír ag Léiriú Comhoibriú, Spórt & Spraoi:  Buachaillí R6A – Conor, Finn, Brian, Cillian, Conal, Riain, Óran, Cian, Rian Cút

Duais Speisialta na Moltóirí: Conor Ó Ruairc

SEÓ TALLAINNE 2018 – GAILEARAÍ 

CUARDACH



ROGHA TEANGA