Páirc Tayto

28 Meán Fómhair 2018


Tá an Foras Patrúnachta (Patrún Ghaelscoil Thaobh na Coille) ag ceiliúradh 25 bliana ó bunaíodh an patrúnacht. Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá breis is 70 scoil faoina bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach acu. An fhís atá ag An  Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a   leathnú ar fud na tíre.

Eagraíodh Lá na nDaltaí do dhaltaí Gaelscoileanna an Fhorais i Tayto Park ar an Aoine  28/09/18. Bhí 5,000 dalta ó Ghaelscoileanna éagsúla ar fud na tíre i Tayto Park ar an lá sin. D’fhreastal daltaí Rang a 5 agus Rang 6 ó Ghaelscoil Thaobh na Coille ar an lá mór seo.


Is ceiliúradh ollmhór ar an nGaeilge a bhí san ócáid seo, deis iontach do na páistí an Ghaeilge a úsáid i suíomh nádúrtha, i measc páistí eile le Gaeilge. Bhí an t-ádh dearg linn leis an aimsir ar an lá. Lá spraoiúil, spleodrach a bhí ann do chách.

 



FÍSEÁN BEAG DEN LÁ I bPÁIRC TAYTO


CUARDACH



ROGHA TEANGA