Ubh Cásca

12 Aibreán 2019

D’eagraigh Ionad Siopadóireachta Dún Druma taispeántas ealaíona d’uibheacha péinteáilte mar chuid de cheiliúradh na Cásca i mbliana. Táim cinnte gur thug gach duine agaibh a bhí i nDún Droma i rith deireadh seachtaine na Cásca na huibheacha a mhaisigh daltaí bunscoile an cheantair faoi ndeara agus iad ar taispeántas ar fud an ionaid.

Cuireadh ubh mór bán agus péinteanna aicrileach ar fáil do gach scoil agus iarradh orthu an t-ubh a mhaisiú cibé slí go mba mhian leo féin.

Bheartaigh an grúpa daltaí ó R6 a mhaisigh ár n-ubh dhá leath a dhéanamh den ubh agus radharc earraigh lae a phéinteáil ar thaobh amháin agus radharc earraigh oíche a phéinteáil ar an taobh eile agus radharc faoi talamh ar an mbun!



Rinne siad sár-job agus bhíomar an-bhródúil as agus é ar taispeántas poiblí san ionad siopadóireachta.

CUARDACH



ROGHA TEANGA