Cór na nÓg

27 Márta 2019

Ghlac daltaí R5 agus R6 páirt i gceolchoirm Cór Náisiúnta na nÓg (cór le os cionn 500 páiste) sa Lárionad Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht  ar an gCéadaoin 27 Márta 2019.


Chan na páistí réimse leathan 15 amhrán ó ‘Ave Maria’ le Bach go ‘Starman’ David Bowie. Amhráin aon-pháirt, dhá pháirt agus trí pháirt i dteangacha éagsúla – Gaeilge, Béarla, Laidin, Laidin meánaoiseach, Hebrew agus Swahili!

Bhí an-oíche go deo ann agus bhain gach éinne a bhí ann sár-thaitneamh as an gceolchoirm.

Cór Náisiúnta na nÓg

Clár córach scoil-bhunaithe do páistí bunscoile is ea Cór Náisiúnta na nÓg. Foghlaimíonn daltaí ó ranganna 4, 5 nó 6 clár comónta amhrán a luíonn isteach go han-mhaith le curaclam ceoil ag léibéal sinsearach na bunscoile.

Is iad  Órla Gillan, Anne Purcell and Mairéad Déiseach, stiúrthóirí ceoil Cór N áisiúnta na nÓg, a roghnaíonn agus a ullmhaíonn an clár amhrán agus déanann siad na múinteoirí a thraenáil ar chúrsaí samhraidh leis an clár a mhúineadh do na daltaí.

Foghlaimíonn na páistí an clár amhrán ina scoileanna féin agus ansin tagann siad le chéile le scoileanna áitiúla faoi thrí sa bhliain faoi stiúir Stiúrthóirí Cúnta Ceoil.

Glacann gach dalta páirt i gceolchoirm réigiúnach agus glacann céatadán áirithe de na daltaí sin páirt i gceolchoirm náisiúnta sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

CUARDACH



ROGHA TEANGA