02 Aibreán 2019
Eagraíodh comórtas Claisceadail na Céime i nGaelscoil Thaobh na Coille don triú bhliain as a chéile ar an Mháirt 2 Aibreán. Comórtas é seo atá dírithe ar dhaltaí R4. Canann gach cór dhá amhrán traidisiúnta Gaeilge gan tionlacan.
Ghlac 6 rang ó cúig scoil logánta páirt i gComórtas Claisceadail na Céime 2019. Rang ó Scoil Mhuire, Bunscoil Foghlaim le Chéile na Céime, Gaelscoil Shliabh Rua, Scoil Mhuire Cois Bóthair agus 2 rang ó Ghaelscoil Thaobh na Coille. Bhí an-chomórtas go deo ann agus amhránaíocht bhinn, bhríomhar le cloisteáil ó na grúpaí ar fad.
Bhí cinneadh an-deacair go deo le déanamh ag moltóir an chomórtais Maedhbh Uí Chiagáin ach ar deireadh chinn sí ar Chorn Claisceadail na Céime 2019 a roinnt idir dhá scoil, R4A Gaelscoil Thaobh na Coille & Scoil Mhuire, Áth an Ghainimh.