8 Aibreán 2019
Glantachán an Earraigh 2019
Glaoch le Glanadh Suas
Láinseáil Sarah McGovern ambasadóir National Spring Clean & daltaí ó R4B Feachtas Náisiúnta Glantacháin an Earraigh 2019 trí iarraidh ar shaoláraithe agus grúpaí pobail ó cheann ceann na tíre clárú le feachtas frithbhruscair na bliana seo. Iarradh ar ghrúpaí pobail tabhairt faoi ghlantachán earraigh a dhéanamh ina gceantar féin i rith mí Aibreán.
Chláraigh Gaelscoil Thaobh na Coille le glantachán a dhéanamh i gcomharsanacht na scoile agus ar an Luan 8u Aibreán d’fhág daltaí ranganna a 3 go 6 a gcuid seomraí ranga agus chuadar amach thart timpeall ar Bheallairmín leis an eastáit a ghlanadh.
Bhí altacht ar na daltaí faoin mhéid bruscar a bhí caite ar fud an eastáit. B’fhiú go mór tabhairt faoin dtionscnamh seo agus is cinnte go dtabharfaimíd faoi arís an bhliain seo chugainn.