Bhain foireann peile na gcailíní craobh sciath Roinn 1 Cumann na nBunscol agus iad ag imirt in aghaidh na scoileanna is mó agus is fearr peile sa chondae. Ócáid íontach speisialta ab ea í agus bhí pobal na scoile an-bhródúil as na cailíní as Páirc an Chrócaigh a bhaint amach sa roinn an-dúshlánach seo. Éacht íontach déanta ag na cailíní agus a mbainisteoir An Múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh.
Imríodh Craobh Sciath Austin Finn i bPáirc an Chrócaigh ar an gCéadaoin seo an 23 Deireadh Fómhair ag 11.10am. Scoil Náisiúnta an Easpaig Ó Gealbháin, Teampall Óg, scoil dhá oiread chomh mór linn féin a bhí san iomaíocht linn agus cluiche deacair, dúshlánach, a bhí ann. Bhí Scoil Náisiúnta an Easpaig Ó Gealbháin go mór chun tosaigh don chéad cúig nóiméad déag ach chuir cailíní Thaobh na Coille gach a raibh acu isteach san imirt uaidh sin ar aghaidh agus chríochnaigh siad ar chomhscór ar shéide na feadóige ag leath am (TnC 1.03 v 0.06 BG).
Lean siad orthu mar an gcéanna sa dara leath agus mhéadaigh siad an bearna a bhí idir an dá fhoireann gur chríochnaigh siad le bua íontach agus 4 phointe chun tosaigh. Taobh na Coille 4.04 V 2.06 SN an Easpaig Ó Gealbháin
Thaisteal daltaí R3 go R6 go Páirc an Chrócaigh ar an lá le tacaíocht a thabhairt don fhoireann agus bhíodar le cloisteáil ag screadaíl ar bharr a ngutha leis na cailíní a ghríosadh san imirt.
Míle, míle buíochas leis an Múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh (bainisteoir), an Múinteoir Katie Grimes agus Turlach Ó Meachair (Daidí Aoibheann & Saoirse) as ucht an traenáil a rinne siad leis an bhfoireann le dhá mhí anuas.
Katie Fitzpatrick – Peileadóir Bhaile Átha Cliath – Seaimpíní 2019
Grianghraif thuas le Donall Farmer (DJF Photos) Daid Daniel Mac Scolóige R1B
An Corn ar ais i dTaobh na Coille