R6 Píotsa

Scríofa ag Niamh Ní Mhaonaigh & Niamh Ní Dhúghaill R6A

Ar an 28ú Samhain, shroich daltaí rang a 6 cúig phointe is seachtó don Ghaeilge. Le ceiliúradh a dhéanamh, rinne na páistí píotsa ar scoil. Bhí na cómhábhair leagtha amach ar na boird; bonn píotsa, cáis, anlann trátaí, pepperoni, liamhás, anann, agus arbhar milis. Bhí an boladh cosúil le Dominoes! Bhí ionadh an domhain orthu nuair a chonaic siad é.

Rinne na páistí na píotsaí i mbeirteanna. Nuair a bhí na píotsaí réidh don oighean, chuir na páistí na píotsaí ar thráidire agus chuir an múinteoir iad san oighean ar feadh 8 nóiméad. Bhí boladh píotsa i ngach áit sa scoil.

Thóg na páistí na píotsaí suas go dtí na seomraí ranga agus bhí boladh álainn ann. Ghearr an múinteoir iad suas i slisíní. Bhí na páistí ar mhuin na muice! Rinne siad píotsaí do na múinteoirí chomh maith.  Bhí gach duine sona sásta agus chuaigh na páistí abhaile gan aon obair bhaile!


 

CUARDACH



ROGHA TEANGA