29 Feabhra 2020
Bhí sár-oíche go deo ann in Óstán an Talbóidigh ar an Satharn ag Seó Faisean Thaobh na Coille. Bhí an t-atmasféar sa seomra do-chreidte, a bhuíochas don lucht féachanna íontach & bhain gach duine an-taitneamh agus spraoi as an oíche. Tá comhgháirdeas & buíochas ollmhór le gabháil le gach duine a bhí páirteach ar bhealach beag nó mór san oíche; coiste eagraithe, léiritheoir, bean an tí, foireann stáitiú, foireann cúl stáite, smideoirí, mainicíní & lucht féachanna.
Ba í Sarah McGovern a tháinig suas leis an smaoineamh ar an gcéad dul síos agus idir í féin, Edel Uí Ógáin, Fiona Mhic an tSionnaigh agus Julie de Stóic chuir siad an plean sa tsiúil. Le go leor cabhrach agus tacaíochta ó choiste níos leithne d’oibríodar go han-dian agus gan stop le cúpla mí anuas leis seó an a eagrú – ag eagrú an ionad, ag fáil na héadaí, ag earcú urraithe, ag bailiú duaiseanna crannchur, ag mealladh daoine le freastal ar an seó, ag díol ticéid, ag earcú mainicíní, foireann cúl stáite agus go leor leor eile. Thug siad aire do gach rud agus gach duine cúl stáite & sa seomra tionóil ar an lá. Go raibh míle, míle maith agaibh as bhúr gcuid oibre agus bhúr ndea-thoil gan chuimse.
Ba é ár n-airíoch Colm (007!) a réitigh an stáite agus a bhain as a chéile arís é ag deireadh na hoíche. Rinne sé a chuid oibre go ciúin, díscréideach mar is gnáth. Ba í Becky Ní Chonchúir, le cabhair triúir macléinn Smidiú 3ú bliana ó IADT Dún Laoghaire a bhí i gceannas ar an smidiú. Ba í Barbra Mamaí Mickey (!) a bhí mar chomhairleoir faisean cúl stáite agus chinntigh sí go raibh na feistis ar fad in ord & in eagar do na mainicíní. Thug beirt iarscoláire, Róisín & Lia an-chúnamh di. Buíochas leis na mainicíní ar fad – bhí sibh ar fad ar fheabhas agus fíor-phroifisiúnta.
Bhí Taragh Loughrey-Grant mar bhean an tí agus b’íontach an jab a rinne sí. Ní hamháin gur choinnigh sí an seó ag gluaiseacht lena tráchtaireacht ach choinnigh sí na mainicíní ag imeacht cúl stáite freisin lena fuinneamh agus lena meon dearfach – ní bheidh gearán ar bith ag dul isteach chuig Joe Duffy fuithi!
Sarah McGovern, eagraitheoir, léiritheoir agus bean uasal den scoth. Chuir sí an t-uafás oibre agus uaireanta isteach sa Seó Faisean. Ní thárlódh sé gan í. Go raibh míle míle maith agat.