26/02/2020
Turas Scoile chuig an Dáil
le hÓdhrán Ó Nuanáin agus Alan Ó Máirtín, R6B
Ar an 26ú lá de Mhí Feabhra chuaigh R6B agus R6A ar thuras scoile chuig an Dáil. Thaistealaíomar ar an Luas go dtí an chathair. Thuirlingíomar den Luas ag Sráid Dhásain.
Thugamar cuairt ar an Seanad. D’fhreagair John an treoraí ár gcuid ceisteanna, ar nós conas a bheith i do pholaiteoir, struchtúr Rialtas na hÉireann agus cén áit a shuíonn na Teachtaí Dála. Chuamar chuig an Teach Íochtarach ach ní raibh duine ná deoraí ann mar tá rialtas á chruthú acu faoi láthair. D’inis John dúinn cá suíonn an Ceann Comhairle, an Príomh Aire, an Taoiseach agus Lucht an Fhreasúra nuair a bhíonn díospóireacht ar siúl.
Ina dhiaidh sin chuamar chuig an bpáirc súgartha i bhFaiche Stiabhna. Bhí an t-ádh linn go raibh an ghrian ag lonradh go gléigeal ar an lá.
Ar deireadh thiar thall shroicheamar an scoil ag a dó a chlog. Bhíomar ar mhuin na muice tar éis lá iontach sa Dáil.