Córfhéile

 04 Márta 2020

Eagraíocht dheonach gan brabús is ea Córfhéile na Scoileanna a bhfuil sé mar aidhm aici an deis a thabhairt do pháistí bunscoileanna páirt a ghlacadh i bhféile ceoil neamhiomaíoch. Glacann na páistí páirt sa Chórfhéile le taitneamh a bhaint as an amhránaíocht, as an gceol uirlise nó as an drámaíocht. Tugann sé deis do na páistí gnéithe éagsúla den cheoltóireacht fhóirneach a chur os comhair an phobail, rud a chuireann go mór le forbairt féinmhuiníne agus féinmheasa.

Bhí an Córfhéile ar siúl sa Lárionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht ag tús mí Márta. Ghlac breis is 4000 páiste ó bhunscoileanna ar fud Bhaile Átha cliath páirt sa Chórfhéile idir an 9 seó a bhí ar siúl i rith na seachtaine. Bhí Banna Ceoil na scoile agus daltaí R1 ar an árdán oíche Chéadaoine, 4 Márta ag 7.30pm. An-oíche go deo a bhí ann.

Bhí an t-atmaisféar sa halla do-chreidte. Bhí an ionad cispheile lán go doras le páistí a bhí ar bís agus tuismitheoirí bródúil, mórtasach. Bhí an banna ceoil ar fheabhas. Bhí an-chuid cleachtadh agus oibre curtha isteach acu ó Nollaig agus ba léir sin ó chaighdeán an cheoil a bhí le coisteáil uatha.

Ba í seo an chéad uair ag Rang a hAon páirt a ghlacadh sa Chórfhéile. Bhí na páistí ar bís agus chanadar in ard a gcinn is a ngutha nuair a bhíodar thuas ar an ardán. Chanadar 3 amhrán; Báidín Fheidhlimí, Beidh Aonach Amárach & Trup, Trup a Chapailín agus fuaireadar bualadh bos ollmhór ón lucht féachanna nuair a tháinig siad ag deireadh a gcur i láthair.

Buíochas leis na múinteoirí ar fad a d’ullmhaigh na páistí don Chórfhéile.

CUARDACH



ROGHA TEANGA