05 Márta 2020
Bleaist Eolaíochta 2020
Is clár oideachais neamhiomaíoch do bhunscoileanna é Bleaist eolaiochta ESB ina bhfiosraíonn an rang an eolaíocht a bhaineann le ceist shimplí. Cuirtear an obair ranga i láthair ag an ócáid.
Sé an aidhm atá leis ná fiosracht na ndaltaí a mhúscailt sa domhan mórthimpeall orthu agus é mar aidhm freisin fiosracht, co-oibriú, cruthaitheacht agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn ionas go mbeidh sé ar a gcumas ag na páistí freagairt níos fearr do dhúshláin sa todhchaí.
Cuireann na scoileanna a ghlacann páist sa Bhleaist eolaíochta toradh an tsaothair i lathair ag ócáid náisiúnta san RDS, áit a bhfaigheann siad aiseolas ó mholtóirí saineolaíoch agus glacann siad páirt i gceardlanna agus siamsaíocht eolaíochta. Eolaí óga do bhunscoileanna atá ann.
Den chéad uair, bhí lá speisialta Bleaist Eolaíochta BSL ann do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar an Déardaoin an 5 Márta 2020. Deis iontach an ea í seo do pháistí teacht le chéile agus dea-obair s’acu a cheiliúradh taobh a chéile chomh maith le spraoi a bheith acu freisin, trí Ghaeilge!
D’fhreastal Rang 5A faoi stiúir an Múinteoir Ní Dhubhthaigh agus an Múinteoir Mhic Gabhann ar an mBleaist Eolaíochta san RDS Déardaoin 5 Márta san RDS. Gaelscoileanna ó gach chearn den tír a bhí ann ar an lá.
Ba í an cheist eolaíochta a bhí á imscrúdú acu ná – ‘An féidir gluaisteán plaisteach nó adhmaid a bhogadh le maighnéad?’ Is iad na páistí iad féin a tháinig suas leis an gceist eolaíochta seo agus bhí siad ag obair go dian agus iad i mbun smaointeoireacht, machnaimh, fiosrúcháin agus tástála le teacht ar fhreagra eolaíochta ar an gceist.
Cealla an Múinteoir Emer Nic Chonchradha
Sean-chairde : An Múinteoir Ní Mhuireasa & An Múinteoir Máirín Ní Dhubhthaigh leis
An Múinteoir Aoife Ní Chearnaigh (anois i nDúnBóinne, Co. na Mí) & An Múinteoir Oisín Mac Muiris (anois i mBaile an Coilligh, Corcaigh)