R6A Ceann Bhré

28/04/2021

Dé Céadaoin 28 Aibreán d’imigh R6A ar thuras sléibhe chuig Ceann Bhré. Bhailigh an bus iad ón scoil ag 9:30am. Ar an mbealach suas chuig Ceann Bhré d’fhoghlaim siad faoi na bláthanna agus na crainn difriúla a bhí ag fás ar dhá Thaobh an chosáin. Bhí sceitimíní ar gach duine nuair a tháinig siad ar luascáin ‘sna crainn. Shiúl siad chomh fada leis an gcros agus d’ith siad lón beag ansin. Nuair a shiúil siad níos faide shuigh siad ar chnoc ard a bhí timpeallaithe le haiteann agus bhain siad taitneamh as na radharcanna álainn a bhí timpeall orthu. Ina dhiaidh sin d’aimsigh siad áit le fothain chun an lón a ithe. Bhailigh an bus iad in aice na farraige. Bhí na tonnta an-ard! Bhí an Aistear abhaile ar an mbus an-chiúin toisc go raibh gach duine traochta ach sásta!

Scríofa ag : Milo Ó Cinnéide & Lucy Nic an Adhastair

28 Aibreán 2021

CUARDACH



ROGHA TEANGA