15 Deireadh Fómhair 2021
Tá obair ealaíne álainn le feiceáil ar fud na scoile faoi láthair. Seo roinnt samplaí den obair ealaíne ata déanta le cúpla seachtain anuas.
………………………………………………………………………………………………………………………..
R5A
Tá R5A tar éis cúpla seachtain a chaitheamh ag plé le fíodóireacht. ar dtús bhaineadar úsaid as frámaí dronnuilleogacha agus ansin bhogadar ar aghaidh go frámaí móra le soí chun an ollann a chur ó thaobh go taobh. D’úsaideadar frámaí ciorcalacha freisin agus bhí taispeántas den obair fíodóireachta ar crochadh sa halla lasmuigh den seomra ranga.
………………………………………………………………………………………………………………………
R5B
Rinne daltaí R5B súile dragúin a tharraingt ag baint úsaide as pinn luaidhe daite agus criáin. Roghnaigh siad dathanna osnádúrtha geala agus iad ag obair leo. Seo roinnt samplaí den obair a rinne siad.
…………………………………………………………………………………………………………..
R6B & R6A
Rinne daltaí R6 A & R6B macsamhail de sheomraí i dtigh agus mhaisigh siad na seomrai éagsúla amhaill agus gur dearrthóirí intí iad – nach gleoite ar fad iad.
Daltaí R6B
……………………………………………………………………………………………….
R6A
Ealaíon na Samhna – Féinphortráidí i stíl Tim Burton
……………………………………………………………………………………………………..
R1A & R1B
Tá obair ealaíne déanta ag R1A & R1B atá dírithe ar théama an Fhómhair
R1A Pictiúir déanta as duilleoga
R1B An Fhómhair
………………………………………………………………………………………………….
R3A
…………………………………………………………………………………………………….
R3B
………………………………………………………………………………………