Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Córfhéile 2023

Banna Ceoil na Scoile faoi stiúr An Múinteoir Eavan Ní Mhuirgheasa

Bhí oíche álainn againn sa Lárionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht ar an gCéadaoin seo chaite nuair a ghlac banna ceoil na scoile agus cór ranga R4A & R4B páirt i gCórfhéile na Scoileanna. Ní gá a rá ach go raibh tuismitheoirí agus foireann na scoile a bhí i láthair thar a bheith bródúil as na páistí ar fad ó Ghaelscoil Thaobh na Coille a bhí thuas ar an ardán an oíche sin.

Is eagraíocht dheonach neamhbhrabúis é Córfhéile a bhfuil sé mar aidhm aige deis a chur ar fáil do pháistí bunscoile ar fud Bhaile Átha Cliath a bheith ag seinm i bhféile cheoil neamhiomaíoch. Déanann na páistí a ghlacann páirt sa Chórfhéile é sin ar mhaithe le taitneamh a bhaint as amhránaíocht, ar mhaithe le grá a bheith ag seinm ceoil nó ar mhian leo páirt a ghlacadh i ndráma nó i ndrámaíocht. Tá sé mar chuspóir ag an gCórfhéile muinín agus féinmheas a chothú sna páistí tré bheith ag seinnt os comhair lucht éisteachta mór.

Bhí an dá ghrúpa; an banna ceoil agus cór dhaltaí R4A & R4B ar fheabhas ar fad agus ní fhéadfaimís a bheith níos bródúla astu. Léirigh siad fíor-spiorad dhaltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille agus gach duine acu ag cur 100% isteach sa chur i láthair.

Cór R4A & R4B faoi stiúr An Múinteoir Deirdre Uí Dhiomasaigh

Buíochas leis na múinteoirí a théann i mbun an bhanna ceoil, Eavan Ní Mhuirgheasa, Sadhbh Rosenstock, Lauryn Bhreathnach, & Niamh Ní Dhúill. Buíochas freisin le múinteoirí R4A & R4B Maoilíosa Ó Dúbhthaigh agus Deirdre Uí Dhiomasaigh as an cór ranga a réiteach agus buíochas ar leith do Dheirdre a chuaigh i mbun an chór a ullmhú agus a stiúradh.