Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Lá Fhéile Bríde

Thit Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá Feabhra. Bhí lá saoire poiblí ag Muintir na hÉireann ar an Luan 5 Feabhra in onóir ár mban-naomh Bríd. Tugtar ‘Muire na nGael’ ar Naomh Bríd. Tá an oiread ceana ag muintir na hÉireann ar Bhríd leis na blianta, gur gheall leo gur Maighdean Muire dár gcuid féin a bhí inti agus bronnadh an teideal seo uirthi dá bharr.

Rinne ranganna ealaín, ceol agus paidreacha a bhaineann leis an lá. D’fhoghlamar faoi na scéalta agus na traidisiúin éagsúla a bhaineann le Naomh Bríd agus na nósanna a bhí ag na Ceiltigh roimpi.  Rinne R6B físeáin álainn de scéalta faoi Naomh Bríd agus bhreathnaigh daltaí uile na scoile orthu.

Rinneamar céiliuradh freisin ar an bhféile Ceilteach Imbolc a thiteann ar an lá céanna.

Ag tús na míosa bhíomar ag céiliúradh deireadh an gheimhridh agus tús an earraigh.  Tosaigh na laethannta ag éirí níos faide arís agus chuir sé sin gliondar ar ár gcroíthe. Bíonn sé níos gile anois um thráthnóna agus ní théann an ghriain faoi go dtí thart ar a 6 a chlog anois.  Mar an deireann an amhrán le Antaine Ó Raifteire ‘Anois teacht an Earraigh, beidh an lá ag dul chun síneadh, is taréis na Féile Bhríde ardóidh mé mo sheol…’

Físeáin R6B   Cliceáil ar na nascanna thíos le breathnú ar na físeáin alainn a chur R6B le chéile

Naomh Bríd :  https://drive.google.com/file/d/1uoZzg8p-u9dgjLJeOn8usX45oCEUb4hL/view?usp=drive_link20240201 Naomh Bríd.mp4

Naomh Bríd agus an Clóca :

Naomh Bríd agus an Crois Bhríde :

Naomh Bríd & an Madra :