Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Seachtain na hEolaíochta

Seachtain na hEolaíochta

12-19 Samhain 2024

Ní raibh sé riamh chomh tábhachtach is atá sé sa lá atá inniu an tuiscint agus feasacht ardaithe a bheith againn ar na hidirnaisc idir dhaoine agus an plainéad. Bhí sé mar aidhm ag Seachtain na hEolaíochta deis a thabhairt do dhaltaí na scoile plé agus iniúchadh a  dhéanamh ar na féidireachtaí a bhaineann leis an eolaíocht. Mar chuid de seo, bhí deis ag daltaí turgnaimh a dhéanamh sna ranganna i rith na seachtaine.

Mar chuid d’obair bhaile meán & ardranganna na scoile le linn Seachtain na hEolaíochta, d’fhéach na daltaí ar an gclár teilifíse ‘10 Things to Know About’ – craolaithe ag RTÉ – ar an tionchar dearfach atá ag crainn ó thaobh na haeráide de.

Ghlac daltaí R3-R6 páirt i gCóisir Eolaíochta ‘Curious Minds’ ar líne ar an Déardaoin. Trialacha eolaíochta agus cluichí idirghníomhacha a bhí i gceist ann. Bhí breis is 150 scoil páirteach ann.

Chríochnaigh imeachtaí na seachtaine le taispeántas eolaíochta a chuir daltaí R4 – R6 ar siúl i halla na scoile do dhaltaí uile na scoile. D’éirigh le daltaí R4A & R4B a réimse leathan thurgnaimh a léiriú. Dhírigh na  hardranganna ar an teicneolaíocht. Léirigh daltaí R5A Lego WeDo; R5B na Beebots agus Skribots; R6A Lego Spike agus R6B na Makey Makeys. Thug páistí na scoile cuairt ar an halla ar an lá & bhaineadar an-sult go deo as.