Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Bord Bainistíochta

Bord Bainistíochta 2023 – 2027

Tá an Bord Bainistíochta reatha ag feidhmiú i nGaelscoil Thaobh na Coille ón Luan 04 Nollaig 2023. Tá meascán maith ó thaobh taithí de ag baill an Bhoird agus tá an Bord ag súil go mór le fás agus forbairt éifeachtach na scoile a stiúradh sa téarma amach rompu

Bhaill an Bhoird Bainistíochta

  • Ionadaithe an Phatrúin : Máire Mac Gabhann & Turlach Ó Meachair
  • Ionadaithe na dTuismitheoirí :  Yvonne Mercer & Kevin de Barra
  • Ionadaithe an Phobail :  Fióna Ní Chléirigh   &  Daithí Mac Roibeáird
  • Ionadaí na Múinteoirí :   Maoilíosa Ó Dubhthaigh
  • Príomhoide : Emer Nic Chonchradha

Oifigí

  • Cathaoirleach : Máire Mac Gabhann
  • Rúnaí : Emer Nic Chonchradha
  • Rúnaí Taifead : Maoilíosa Ó Dubhthaigh
  • Cisteoir : Yvonne Mercer

Is féidir cliceáil ar na nascanna thíos le breis eolais a fháil faoin mBord Bainistíochta agus faoi bhaill an Bhoird.

231204 Bord Bainistíochta Nua ag Feidhmiú

231204 Bord Bainistíochta – Beathaisnéis

 

Téarma an Bhoird : Nollaig 2023 – Samhain 2027

Tháinig téarma an Bord Bainistíochta ata ag feidhmiú faoi láthair i bhfeidhm ar an 01/12/2023.

Seo a leanas comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta.

I. Beirt ionadaí de chuid an Phatrúin (molta ag an iar-Bhord).

II. Beirt thuismitheoir a bhfuil leanaí cláraithe sa scoil acu (máthair agus athair, agus iad araon a bheith tofa ag tuismitheoirí na leanaí i gcoitinne atá cláraithe sa scoil).

III. Príomhoide na scoile.

IV. Múinteoir de fhoireann na scoile.

V. Beirt eile a mhol an seisear  ó (i) – (iv) thuas.

Feidhmíonn an Bord Bainistíochta thar cheann an phatrúin (an Foras Patrúnachta) agus de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas & Scileanna. Feidhmíonn sé mar ‘chomhlacht Chorparáideach’. Ciallaíonn sé seo go bhfeidhmíonn an Bord mar aonad amháin agus iad ag deighleáil le gnó scoile.  Dá bhrí sin feidhmíonn na tuismitheoirí agus an múinteoir tofa go hiomlán neamhspleách ar an ngrúpa a thogh iad sa chéad áit.

Tá sé mar dhualgas ar bhaill an Bhoird seasamh agus tacú le sainmheoin, cultúir agus traidisiúin na scoile, eolas & tuiscint a bheith acu ar na freagrachtaí aonair agus na comhfhreagrachtaí a bhaineann le ballraíocht ar an mBord,  ról/feidhm ar leith i mBainistíocht na scoile a ghlacadh orthu féin agus tuiscint a bheith acu ar feidhmeanna an Bhoird agus an gaol atá idir an Bord Bainistíochta, daltaí, múinteoirí, foireann, tuismitheoirí, an patrún agus an Roinn Oideachas & Eolaíochta.

Faoi phátrúnacht an Fhorais is gá go mbeadh an Bord Bainistíochta ag feidhmiú trí Ghaeilge agus dá bhrí sin is gá go mbeadh Gaeilge fheidhmeach ag na hainmnithe ar fad.