Fáilte go suíomh gréasáin Ghaelscoil Thaobh na Coille. Gheobhaidh tú eolas faoi stair na scoile, polasaithe, imeachtaí scoile agus an nuacht scoile is déanaí ar an suíomh seo. Déanfar uasdátú rialta ar an suíomh seo mar sin coinnigh súil ghéar air le tú féin a choinneáil ar an eolas faoin nuacht scoile is deireanaí agus faoi imeachtaí scoile atá le teacht.
IARRATAIS AR IONTRÁIL do rang na NAÍONÁIN SHÓISEARACHA 2026/2027 á ghlacadh anseo ón gCÉADAOIN 01 Deireadh Fómhair 2025
Cliceáil ar an nasc thíos le CLÁRÚ
Iarratas ar Iontráil 2026/2027
Gaelscoil Thaobh na Coille – 1995 – 2025
Osclaíodh doirse Ghaelscoil Thaobh na Coille don chéad uair ar an 1 Meán Fómhair 1995. Is cúis mór bróid dúinne, na daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht bainistíochta ar fad a bhí bainteach leis an scoil ó 1995 i leith agus gan a n-ionchur, a bhfís, a ndíogras agus a ndúthracht ní bheadh an scoil iontach atá againn inniu ann. Táimid ag súil le ceiliúradh mór a dhéanamh i rith na bliana ar a bhfuil bainte amach againn mar scoil sna tríocha bliana sin.