FMS

CAD IS FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE ANN?

Is é is féinmheastóireacht scoile (FMS) ann ná próiseas comhoibríoch, athmhachnamhach agus cuimsitheach den athbhreithniú inmheánach scoile. Le linn FMS, beidh an príomhoide, an príomhoide tánaisteach agus na múinteoirí, faoi stiúir an bhoird bhainistíochta agus an phátrúin, agus i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus leis na daltaí, páirteach i bhfiosrú athmhachnamhach ar obair na scoile. Baineann féinmheastóireacht scoile go príomha le feabhsúchán agus le forbairt scoile.

Cuidíonn féinmheastóireacht scoile le scoileanna:

  • Céim chun tosaigh a ghlacadh le feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais a chuireann siad ar fáil dá ndaltaí.
  • A bhfuil ag obair go maith a dhearbhú, agus tógáil air.
  • Réimsí ina bhfuil gá le forbairt a aithint agus cinneadh ar na gníomhartha atá le déanamh chun feabhsúcháin a chur i bhfeidhm sna réimsí sin.
  • Tuairisciú do phobal na scoile faoi na láidreachtaí in obair na scoile agus na tosaíochtaí d’fheabhsúchán agus d’fhorbairt.

CÉN FÁTH GO BHFUIL AN FHÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE TÁBHACHTACH?

Déanann múinteoirí athmhachnamh go minic ar a gcuid oibre agus ar an bhfoghlaim a bhaineann a scoláirí amach. Le blianta fada anuas, d’úsáid múinteoirí agus boird bhainistíochta scoile an próiseas um phleanáil forbartha scoile chun a aithint cad atá ag obair go maith ina scoileanna agus cad a d’fhéadfaí a fheabhsú.

Bealach is ea an fhéinmheastóireacht scoile inar féidir an próiseas athmhachnaimh, feabhsúcháin agus forbartha seo a bheith ann i gcaoi níos córasaí. Tá sé léirithe ag múinteoirí in Éirinn agus i neart tíortha eile gur féidir leo, trí athmhachnamh a dhéanamh ar a gcleachtas go rialta, feabhas a chur ar an bhfoghlaim a dhéanann a ndaltaí. Tarlaíonn sé seo nuair a dhíríonn an fhéinmheastóireacht scoile ar a bhfuil ag tarlúint sna seomraí ranga.

Tá ar na scoileanna uile gabháil don fhéinmheastóireacht scoile chórasach ón scoilbhliain 2012/13 ar aghaidh. Comhlánaíonn tabhairt isteach na féinmheastóireachta scoile córasaí cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta.

PRÓISEAS NA FÉINMHEASTÓIREACHTA SCOILE

Próiseas comhoibríoch, athmhachnamhach d’athbhreithniú inmheánach scoile is ea féinmheastóireacht scoile (FMS) ina ngabhann an príomhoide, an príomhoide tánaisteach agus na múinteoirí, faoi stiúr an bhoird bhainistíochta agus an phátrúin, agus i gcomhairle le tuismitheoirí agus le daltaí, d’fhiosrú athmhachnamhach ar obair na scoile. Éilíonn an próiseas ar scoileanna fianaise a bhailiú faoi chleachtais teagaisc agus foghlama, anailís a dhéanamh ar an bhfianaise agus athmhachnamh a dhéanamh ar na torthaí chun teacht ar chinntí agus chun breithiúnais a dhéanamh faoina mbuanna agus a laigí. Ní mór próiseas na féinmheastóireachta scoile agus an plean feabhsúcháin scoile a bheith á dtreorú ag eolas measúnaithe, lena n-áirítear eolas faoin litearthacht agus faoin uimhearthacht, agus foirmeacha eile fianaise, ar nós tuairimí na ndaltaí agus a rannpháirtíocht san fhoghlaim agus i saol na scoile. Déanfaidh an scoil taifeadadh ar a breithiúnas féin maidir lena cuid feidhmíochta agus maidir le cáilíocht a cuid oibre i bhfoirm tuairisce féinmheastóireachta scoile atá beacht. Ba chóir go gcuirfí achoimre ar an tuairisc seo ar fáil don phobal scoile uile. Mar thoradh ar phróiseas na féinmheastóireachta scoile ba chóir do gach scoil plean feabhsúcháin scoile gairid a chruthú. Ba chóir go gcuirfeadh an plean san áireamh spriocanna sainiúla intomhaiste chun torthaí a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí. Ba chóir go mbeadh an plean seo mar threoir d’fheabhsú ar ghníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama sa scoil. Ba chóir go gcuirfeadh scoileanna achoimre ar an bplean feabhsúcháin scoile ar fáil don phobal scoile uile.

CUSPÓIR NA FÉINMHEASTÓIREACHTA SCOILE

Láraidhm na féinmheastóireachta scoile is ea cáilíocht fhoriomlán an oideachais sa scoil a fheabhsú agus, ach go háirithe, torthaí foghlama a fheabhsú do dhaltaí. D’fhonn é seo a bhaint amach, ba chóir go mbeadh an fhéinmheastóireacht scoile mar chuid dhílis den chleachtas scoile uile agus sa seomra ranga agus go ndíreodh sí ar theagasc agus ar fhoghlaim. Cuideoidh féinmheastóireacht scoile le múinteoirí feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama i ngnéithe uile an churaclaim. Iarrtar ar scoileanna díriú ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa litearthacht agus san uimhearthacht agus, de réir a chéile, i réimsí curaclaim eile. Nuair atá buanna agus réimsí ina bhfuil laigí aitheanta, ba chóir spriocanna a leagan síos chun torthaí do dhaltaí a fheabhsú. Cuideoidh sé seo le scoileanna plean feabhsúcháín scoile trí bliana a chumadh. Tabharfaidh an plean cuidiú agus treoir do mhúinteoirí, agus feabhsúcháin á gcur i bhfeidhm acu i ngach réimse curaclaim.

FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE: AN CHÉAD TIMTHRIALL, 2012-2016

Ó 2012/13, éilítear ar scoileanna gabháil d’fhéinmheastóireacht láidir scoile. Ba chóir cur chuige scoile uile a ghlacadh i leith na féinmheastóireachta ar theagasc agus ar fhoghlaim, an litearthacht agus an uimhearthacht san áireamh. I gcoitinne ba chóir do scoileanna gabháil don fhéinmheastóireacht scoile ar theagasc agus ar fhoghlaim i réimse curaclaim amháin gach bliain. Mar sin féin, aithnítear go bhféadfadh an próiseas níos mó ama a ghlacadh sna céimeanna tosaigh.

Thar tréimhse ceithre bliana ó 2012 ba chóir do na bunscoileanna uile gabháil d’fhéinmheastóireacht scoile agus pleananna feabhsúcháin trí bliana a chruthú don uimhearthacht (Matamaitic) & don litearthacht (Gaeilge & Béarla) agus ábhar amháin eile.

Ba chóir do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge gabháil don bhféinmheastóireacht ar an litearthacht sa Ghaeilge, ar an litearthacht sa Bhéarla agus ar an uimhearthacht sa chéad tréimhse ceithre bliana.

Gach bliain, ní mór don fhoireann teagaisc:

  • féinmheastóireacht ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar ghnóthachtáil sa réimse a roghnaíodh (litearthacht, uimhearthacht, réimse curaclaim eile)
  • tuairisc fhéinmheastóireachta a chur i gcrích a ainmníonn buanna agus réimsí forbartha sa réimse a roghnaíodh
  • plean feabhsúcháin scoile trí bliana a cheapadh don réimse a roghnaíodh, a chuirtear san áireamh mar chuid den phlean scoile foriomlán
  • tús a chur leis na straitéisí a luaitear sa phlean feabhsúcháin scoile a chur i bhfeidhm
  • monatóireacht ar fheidhmiú an phlean feabhsúcháin scoile a cuireadh i gcrích sa scoilbhliain roimhe sin.

FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE : GAELSCOIL THAOBH NA COILLE

Sa scoilbhliain 2012/13, chuireamar tús le próiseas na féinmheastóireachta scoile. Roghnaíomar an litearthacht (Gaeilge) réimse fócais d’fhéinmheastóireacht scoile i nGaelscoil Thaobh na Coille.

Cuireadh an Tuairisc Fhéinmheastóireachta Scoile don Ghaeilge i gcrích i Meitheamh 2014 agus cuireadh an Plean Feabhsúcháin Scoile don Ghaeilge i gcrích i Meán Fómhair 2014.

Tá an plean feabhsúcháin don Ghaeilge á chur i bhfeidhm sa scoil faoi láthair (scoilbhliain 2014/2015)

Sa scoibhliain seo 2014/2015 beimíd ag tabhairt faoi fhéinmheastóireacht a dhéanamh ar an uimhearthacht.

Iniata gheobhaidh tú cóip de na nithe seo a leanas:

Tuairisc Fhéinmheastóireachta Scoile don Ghaeilge – Meitheamh 2014

FMS Tuairisc Fhéinmheastóireachta Achomair

Plean Feabhsúcháin Scoile don Ghaeilge – achomair Meán Fómhair 2014

FMS Plean Feabhsúcháin don Ghaeilge – Achomair

CUARDACH



ROGHA TEANGA