Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Scéalta Ranga 2017

15 Feabhra 2017

N1A     

Tá N1A ag foghlaim faoin siopa peataí faoi láthair. Tá siopa peataí againn sa seomra ranga atá lán le nathracha, damháin alla agus laghairteanna! Tá ainmhithe déanta againn as cré agus beimid á bpéinteáil go luath.

N1B   

Tá N1B ag baint taitneamh as an téama atá á dhéanamh againn san aistear faoi láthair. “Ag dul go dtí an dochtúir” an téama  atá ann. Is breá leo an cluiche ‘biongó – baill bheatha’ agus a bheith ag tógáil ospidéal as bricí.

N2A  

Tá N2A tosnaithe ar an mBéarla anois agus tá obair na gcapall ar siúl againn leis an léitheoireacht. Cuirimíd hata ‘Béarla’ orainn nuair atáimid ag labhairt i mBéarla sa rang. ‘Cleachtadh a dhéanann máistreacht.’

N2B

Tá N2B ag baint an-taitneamh as an téama atá á dhéanamh againn san aistear faoi láthair. ‘Mo Lá Breithe’ an téama atá ann. Bíonn grúpa amháin ag priontáil le balúin, grúpa eile ag tógáil áiteanna cosúil le jumpzone le brící. Bíonn cóisir againn sa chúinne baile. Déanann grúpa cácaí le marla agus cuireann siad coinnle iontu agus scríobhann grúpa eile  cártaí agus cuirí. Bíonn an-spraoi againn

R1A

Tá R1A ag foghlaim cén chaoi a rangnaítear bia ina dhá ghrúpa; bia folláin agus bia mí-fholláin. Bíonn plé ar siúl againn faoi na cineálacha béilte a ithimíd agus cén chaoi gur féidir linn na béilte sin a dhéanamh níos sláintiúla. An raibh a fhios agaibh go bhfuil pirimid bia ann a léiríonn cé mhéad de chineálacha bia difriúla gur chóir dúinn a ithe? Ba mhór an chabhair é seo dúinn.

R1B

Tá na páistí i rang a 1B an-bhródúil toisc gur bhuaigh siad duais Gaeilge na míosa seo caite. Bhain siad an-taitneamh as an am bhreise sa chlós!

R2A

Tá R2A ag déanamh tionscadail ar shaol suimiúil Roald Dahl faoi láthair. Fuaireamar amach go leor fíricí nua mar gheall air. An raibh a fhios agaibh gur oibrigh sé mar spiaire agus mar phílóta sa Dara Cogadh Domhanda? Scríobh sé ar feadh ceithre huaire chuile lá i dtigín ag bun a gháirdín. Táimid ag léamh a leabhar ‘Matilda’ sa rang faoi láthair agus ag baint an-taitneamh as.

R2B

Tá R 2B ag baint an-taitneamh as na stáisiúin Mata leis an Múinteoir Bairéad gach Céadaoin. Is breá linn na cluichí Zoologic ach go háirithe. Is cluichí taobhsmaointeoireachta iad.

R3A

Rinne R3A díospóireacht i mBéarla agus an rún a bhí ann ná ‘Famous footballers are paid far too much money.’ Bhí go leor pointí agus tuairimí suimiúla acu faoi seo! Rinne siad scríbhneoireacht áititheach freisin ag impí ar an múinteoir gan obair bhaile a thabhairt dóibh agus d’éirigh leo oíche amháin saor ó obair bhaile a fháil de bharr an dea-obair a rinne siad.

R3B  

Bhí R3B ag foghlaim faoin Spáinn ar na mallaibh agus theagasc Niamh Ní hUaithe roinnt frásaí Spáinnise dúinn fosta. Is rang trítheangach muid anois! ¡Hasta luego!

R4A

Tá Rang 4A ag foghlaim faoi na Lochlannaigh faoi láthair. Tháinig siad go hÉireann ar dtús sa bhliain 795. Bhí na  páistí ag comhoibriú le chéile chun taighde a  dhéanamh orthu, eolas a bhailiú agus tionscnaimh a chur le chéile. Rinne siad ealaín 3T bunaithe ar na Lochlannaigh: clogaid 3T, sciath, claíomh agus loing fhada.

R4B

Tá rang 4B ag foghlaim faoi na haigéin agus na farraigí faoi láthair. Tá an-suim acu sa Mhuir Mharbh. Loch mór is í an Mhuir Mharbh a bhfuil ¼ den uisce ina shalann. Tá an oiread sin salainn inti gur féidir suí ar bharr an uisce dá bharr!

R5A

Bhain Rang 5A an-sult as OT ’10 ag a 10′ – ag rith, ag sciopáil agus ag dabáil ach go h-áirithe! An tseachtain seo, d’fhoghlaimíomar a lán mar gheall ar bholcáin agus na saghasanna difriúla atá ann. An raibh a fhios agat go bhfuil tuairim is 75% de bholcáin an domhain sa chrios bolcánach ‘Fáinne Tine an Aigéin Ciúin’? Fuair Cillian a chapall féin an tseachtain seo. ‘Bobby’ is ainm dó.  Fuair Clodagh coileán nua darbh ainm ‘Luna’, chomh maith. Beidh litreacha á sheoladh  ag R5A go cairde pinn i Scoil Iosáf i gCorcaigh agus tá siad ag tnúth go mór le litreacha a fháil thar n-ais uathu.

R5B

Tá rang 5B tar éis tionsnamh a chur le chéile ar chontaetha na hÉireann. D’oibrigh siad i ngrúpaí de beirt nó triúr ag úsáid Powerpoint chun na tionscnamh a léiriú. Beimíd ag breathnú ar thoradh a gcuid oibre níos déanaí sa tseachtain agus táimid ar fad ag súil leis an gcur i láthair!

R6A

Rinne Rang a 6A ag déanamh staidéar ar an gcroí agus an córas imshruthaithe  An bhfuil a fhios agat nuair a chloiseann tú an croí ag bualadh, gurb iad na comhlaí ag oscailt agus ag dúnadh atá á chloisteáil agat? Buaileann croí an duine timpeall seachtó uair gach nóiméad agus buaileann croí eilifinte cúig huaire is fiche gach nóiméad!

R6B

Tá fuadar mór faoi Rang a 6B faoi láthair. Táid ag díriú ar an lá mór ag dul faoi lámh Easpaig a bhéas ar siúl go gairid. Bhíodar ag déanamh ealaíne le snáith faoin téama Lá Fhéile Vailintín. Rinne siad croíthe as Origami, rud a bhí an-spéisiúil. Rinne siad staidéar an lá cheana ar an Homo Vitruvius a dhear Leonardo da Vinci, bunaithe ar na gaoil atá ag na géaga colainne.