Siúlóid Urraithe

Bhí an siúlóid urraithe scoile a eagraíonn Coiste na dTuistí go bliaintiúil ar siúl ar an gCéadaoin  seo thart, an 2 Bealtaine. Bhí an-áthas orainn an oiread sin páistí agus tuismitheoirí a fheiceáil sa scoil ag 8am an mhaidin sin.

Cé gur mhothaigh sé níos cosúilí le lá i mí Eanáir seachas i mí Bealtaine d’éirigh leis an ngrian briseadh amach as taobh thiar de na scamaill agus an teocht a ardú cúpla céim agus muid ag déanamh ár slí timpeall ar Bhaile Mhic Aogáin agus ar Bheallairmín. Bealach spraoiúil, sláintiúil, spleodrach ab ea í seo le tús a chur leis an lá  do na daltaí agus do na tuistí araon!

Buíochas le Coiste na dTuismitheoirí as an bhfeachtas tiomsaithe airgid bhliantúil seo a eagrú don scoil. Buíochas freisin leis na tuismitheoirí ó R6 a chuidigh linn na bóithre ar fad ar an mbealach a thrasnú go sábháilte.

 

02 Bealtaine 2018

CUARDACH



ROGHA TEANGA